Seacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Seacht / Seven)
Infotaula de sèrie de televisióSeacht
Séanradráma teilifíse
TírTuaisceart Éireann
Teangaan Ghaeilge
Bealach teilifíseTG4
An chéad eipeasóid7 Eanáir 2008
An eipeasóid dheireanach21 Feabhra 2011
Líon séasúr4
Líon eipeasóidí34
Tuilleadh eolais
IMDB: tt1205458 Cuir in eagar ar Wikidata

Is clár teilifíse é Seacht de chuid TG4. Thosaigh sé ar an 7ú Aibreán, 2008. Leanann an clár seachtar mac léinn atá sa chéad bhliain ar acadamh taibh-ealaíon i mBéal Feirste. Díríonn an plota ar Eithne, cailín ceanndána ionraic suaite, arbh é a caidreamh rollchóstóra le Pete, DJ neamhiontaofa ach mealltach príomhscéal drámatúil na sraithe. Is bitseach fealltach mailíseach uaillmhianach í Joanne, a chreideann go gcuideoidh a caidreamh le léachtóir léi duais mhór an acadaimh a bhaint - scoláireacht shé mí le hamharclann mór le rá sa West End. Beartaíonn Linda theacht chun an acadaimh le héalú óna athair smachtúil agus ansin, faigheann sí grá, cairdeas agus treoir nua ina saol. Tá an-tálann agus pearsantacht tharraingteach ag Decko, ach tá a easpa féinmhuiníne agus cúthaileacht ag cur as dó - agus is é féin atá thíos leis i gcás croí-bhristeach grá gan chúiteamh don spéirbhean Caroline. Is duine uaillmhianach díograiseach é Brian, a bhfuil barraíocht dúile sa chollaíocht aige: ní bhacann sé le caidrimh - déanfaidh fling aon oíche cúis dósan! Coinneoidh an scéal loinneach an lucht féachana ar bís agus pearsantachtaí agus caidrimh á bhforbairt agus á bhfí de réir mar a théann an tsraith ar aghaidh.

Dar le Foinse, "Tá stíl nua-aimseartha ar leith ag baint leis an tsraith drámaíochta seo atá iontach éagsúil ón gnáthchlár Gaeilge, agus seasann sé amach dá bharr. Na dathanna a fheiceann muid ar an scáileán, tá siad láidir agus dána. Tá na carachtair láidir fosta, iad go léir an-difriúil óna chéile, ó thaobh stíle, pearsantachta agus tuairimíochta de." [1]

Carachtair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pete[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá pearsantacht tharraingteach ag Pete Ó Gaire, DJ, damhsóir agus falsóir agus tá sé de bhua aige béal bán a dhéanamh nuair a bhíonn cúrsaí ag teannadh air. Fiú nuair a ghabhann na péas é de thairbhe an dúil atá aige i substaintí mídhleathacha. Ní chuireann a easpa freagrachta isteach ná amach air go dtí go dtiteann sé i ngrá leis an cailín stuama Eithne. Cuirtear bac beag roimhe nuair a chuireann sé i gcontúirt a díbeartha ón Acadamh í mar gheall ar 'stunt' i gcarr a fuair sé 'ar iasacht'. Caitheann Pete an chuid eile den téarma ag iarraidh cruthú do ghrá geal a chroí gurb eisean an fear díthe. Is é a fhaigheann sé ar son a chuid trioblóide ná cnap mór míthuiscintí.

Caroline[cuir in eagar | athraigh foinse]

Canann Caroline, agus seinneann sí an dordveidhil mar a bheadh aingeal inti, agus tá cuma aingil uirthi. Séimh, neamhchinnte di féin, géilliúil - tá Caroline beagáinín thar a riocht. In ainneoin na céille, tá sí splanctha i ndiaidh Brian, agus sách soineanta le creidbheáil go bhfanfaidh sé níos mó ná oíche amháin. Ní ciallmhar an nós atá aici bheith mar 'sidekick' do Joanne ach an oiread, ach ní léir an méid seo do Caroline go mbíonn sé rómhall. Agus is amhlaidh atá le grá an fhir atá díreach os a comhair. Tá mearbhall uirthi, tá sí saonta agus is baolach go bhfaighidh an 'crush' atá aici ar Bhrian an lámh in uachtar uirthi.

Brian[cuir in eagar | athraigh foinse]

Os a choinne sin, is slíomadóir lofa agus banaí neamhthrócaireach é Brian Joyce - mar a admhaíonn sé féin. Is breá leis mná. Ach aon iomrá ar chaidreamh agus tugann sé do na boinn. Ach tá sé sin go breá óir tá sé ionraic fá dtaobh de. 'Alpha male' an ghrúpa agus sárcheoltóir, is maith le Brian é féin a chur os comhair an tsaoil ach ní sásta atá sé nuair a dhéantar ceap magaidh de. Agus déantar, i bhfad níos minice ná má a cheapann sé féin. An rud a shábhálann Brian ná nach seachnaíonn sé obair chrua. Agus cuireann easpa muiníne a theaghlaigh - a chreideann gur 'loser' é Brian - cuireann sé sin lena uaillmhian agus lena dhíograis chun áit a bhaint amach dó féin. Lena chois sin, is boc greannmhar é.

Eithne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl aon deifir ar Eithne scaoileadh le Pete. I bhfírinne, baineann sí sult as bheith ag breathnú air agus é faoi bhrú. Sár-amhránaí ar beag léi an phleidhcíocht, tá go leor íobairt déanta ag Eithne chun áit a ghnóthú san Acadamh agus níl sé i gceist aici an deis mhór a chaitheamh san aer. Ach ní mór di bheith beagáinín níos réchúisí, dearmad a dhéanamh ar shean-achrainn agus admháil di féin go bhfuil sí fiáin i ndiaidh Pete. Nó ní go deo a fhanfaidh an leaid bocht.

Decko[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá glór ag Decko a sháraíonn an iomaíocht, agus fadhb féinmhuiníne a fhágann nach bhfuil sé iomlán compordach ag tarraingt aird an phobail air féin. Tá sé cúthail i measc na gcailíní, faoi laincisí ag a chuid dabhtanna faoina íomhá, agus ní ritheann sé leis go gcaithfidh sé é seo a chur de sula mbeidh aon rath air. Tá sé in éad lena chara dathúil, an banaí, Brian, agus ag an am céanna, tá sé scanraithe ag a mhná ósta 'uaigneach'. Ach is é a chuid grá gan chúiteamh don spéirbhean Caroline - nach bhfuil leath chomh neamhurchóideach agus a cheapfá - a tharraingíonn chuige féin é i ndeireadh na dála.

Joanne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Joanne Crosbie contúirteach (mar atá a máthair, Leah freisin). Neamhthrócaireach, an-deisbhéalach, thar a bheith millte, tá aird Joanne ar an stáitse mór. Agus tá sí sách uaillmhianach chun a rún a chur i gcrích. An t-aon rud atá ag ceilt uirthi ná tálann. Agus is saghas faidhbe é sin. Léachtóir a mhealladh - sin réiteach amháin ar an scéal, ach ní ise an t-aon duine a bhfuil an plean sin aige. Tá sé de nós ag an chailín seo an rud - agus an té - atá uaithi a fháil i gcónaí, ach tá tréithe eile aici. Miotal. Agus má tá sé i ndán go dteipfidh ar Joanne Crosbie, teipfidh uirthi ar a bealach gáifeach féin.

Linda[cuir in eagar | athraigh foinse]

Do chailín a mhaíonn gur mór léi an fhírinne a inse, tá a lán rún agus bréag á gceilt ag Linda Donovan. Ní cheileann sí a claonadh gnéasach áfach, agus cuireann póg dhíograiseach amháin lena cailín an beár iomlán ina dtost. Is le gach rud eile a bhfuil fadhbanna aici. Tá Linda ar an Acadamh le héalú óna hathair stróinéiseach a chuireann le báiní í - agus a bhfuil sé de nós aige theacht ar ais gan choinne. Tá eagla a craicinn uirthi go bhfaighidh daoine amach cé dar díobh í, agus tá sí ag streachailt le dúil fíochmhar a mhúsclaítear inti dá cara is fearr, Eithne, a bhfuil sí ag roinnt seomra léi. Fiáin, dílis agus ionraic go smior - is cailín maith í Linda atá ag dul trí dhroch-am.

Aisteoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Clár 1[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá tintrí ealaíne i ndán do chroí na féile, Pete agus don spéirbhean, Eithne. Ach insíonn Pete, atá fiáin ina diaidh, bréag agus chóir a bheith go gcaitear Eithne amach. Tá ráchairt mhór ar Bhrian i measc na mban, ach níl ádh ar bith le Decko bocht. Tá Joanne ag tarraingt trioblóide, agus tá Caroline thar a riocht.

Clár 2[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann Linda chun na hAcadaimh lena cailín, ag tarraingt aird na mbuachaillí. Cinneann Joanne ar bheart a mhillfidh plean Pete chun Eithne a mhealladh. Titeann Decko i ngrá le Caroline, atá fiáin i ndiaidh Bhriain. Agus tugann Eithne tacaíocht do Linda nuair a dhéanann a cailín feall uirthi.

Clár 3[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faigheann Pete bronntanas gan choinne gan fáilte ar a bhreithlá. Ach léiríonn sé go bhfuil miotal ann nuair a sheasann sé le cara atá i gcruachás. Tuigeann Eithne go bhfuil sí i ndiaidh a seans le Pete a lot. Tá Joanne ag suirí le léachtóir, agus bristear croí Decko nuair a bhaineann Caroline úsáid as chun éirí mór le Brian. Forbraítear dúil rúnda Linda in Eithne.

Clár 4[cuir in eagar | athraigh foinse]

Náiríonn Brian é féin os comhair an tsaoil ar an teilifís. Tagann athair Linda, léiritheoir ceoil gan trua gan taise, ar ais lena ciapadh. Agus tá Joanne ar buille nach bhfuil aon rud á fhail aici ar son a caidrimh le léachtóir, Bill.

Clár 5[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann Linda i dtarrtháil ar Bhrian agus cuireann sí bac air conradh aontaobhach a shíniú lena hathair. Síleann Pete go bhfuil rud éigin ag dul ar aghaidh idir Eithne agus Linda. Codlaíonn Caroline le Brian. Ach nuair a thugann Brian droim láimhe léi, is chuig Decko a thiontaíonn sí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]