Seán de Paor

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán de Paor
Beathaisnéis
Breith30 Bealtaine 1916
Áth an Choite, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Feabhra 1994
77 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí, iománaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtiomáint
peil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
Grúpaí I P
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Peile Luimnigh Cuir in eagar ar Wikidata

Iomání agus peileadóir Gaelach ab ea Seán de Paor (Jacke Power as Béarla) (30 Bealtaine 191623 Feabhra 1994). D’imir sé lena chlub Átháin agus a chontae Luimneach. Ba ghnách leis imirt mar thosaí cúinne.

Imreoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé nárbh fhear ard é Seán, bhí sé láidir agus ba dhuine des na tosaithe is tapúla sa chluiche é i mbarr a réime. B'imreoir an-chróga é chomh maith, rud tábhachtach i ré iomána a bhí i bhfad níos fisiciúla ná mar a bhfuil sé i láthair na huaire, agus dá bharr sin, ba scórálaí cúl den chéad scoth é.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh é i sráidbhaile Áth na Coite (atá anois ar imeall cathair Luimnigh), mac le Daithi de Paor, garraíodóir as Cill Díoma, Co. Luimnigh, agus Eibhlín Nic Ghearailt. Thosaigh sé ag iomáint ar dtús i scoil náisiúnta Mhóin a’Lín le cabhair Sheáin Uí Cheallaigh (máistir na scoile), iarchathaoirleach Choiste CLG Chontae Luimnigh agus aithníodh láithreach go raibh scileanna thar an ngnáth aige.

Ba lúthchleasaí maith é freisin agus bhuaigh sé roinnt comórtas scoile sa rith 100 slat ach dhírigh sé ar an iomáint nuair a chuaigh sé isteach i gCLG Átháin a bunaíodh cúpla bliain roimhe sin.

I ndiaidh na bunscoile, bhuaigh Seán scoláireacht chuig Scoil Ealaíona agus Céirde Mainistir Ghleann Stail, áit inar oileadh mar shiúinéir é.

Átháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí foireann iontach láidir ag an gclub um an dtaca sin agus bhuadar Craobh Iomána Sinsir Luimnigh gach bliain idir 1933 agus 1939 agus arís idir 1942 agus 1948. Bhuaigh Seán féin cúig bhonn déag, an ceann deireanach sa bhliain 1955 nuair a d’éirigh sé as imirt.

Luimneach[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’imir sé ar fhoireann an chontae den chéad uair sa bhliain 1935. Lena chomhghuallaithe as Átháin, mar shampla Micheál Mac Aodha, Seán Mac Aodha, Pádraig Ó Scanláin, Tadhg Ó Riain, Pádraig Mac Mathúna agus Micheál Ó hIcí, ba bhall d'fhoireann Luimnigh é ar bhuaigh Craobh Iomána na hÉireann sna blianta 1936 agus 1940. Ba chaptaen na foirne é sa bhliain 1947 nuair a bhuaigh sé a cheathrú bhonn sa tSraith Náisiúnta Iomána. D’imir sé sa gheansaí glas don uair dheireanach i mbliain 1949.

Mumhan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Seán ar fhoireann na Mumhan a bhuaigh Corn an Iarnróid faoi sheacht idir 1940 agus 1948. Ceaptar gurbh é sin an fhoireann ba láidre riamh i stair an iomána le laochra an chluiche ar nós Críostóir Ó Rinn, Micheál Ó Braonáin agus Seán Ó Loinsigh (Corcaigh) agus Seán Ó Catháin (Port Láirge) chomh maith lena gcomh-imreoirí as Luimneach.

Peil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba pheileadóir cumasach é Seán chomh maith. D’imir sé ar fhoireann an Chontae i rith blianta na 1930í agus bhuaigh sé cúig bhonn peile Luimnigh i ndiaidh a chéile idir 1935 agus 1939. Ghnóthaigh sé bonn sóisearach i gcraobh na Mumhan sa bhliain 1939.

I nDiaidh an Imirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Seán fostaithe ar na hiarnróid ag Córas Iompar Éireann agus aistríodh go Trá Lí i gContae Chiarraí é sa bhliain 1955. Chuaigh sé isteach i gCLG Aibhistín de Staic agus ba bhall den chlub céanna é a mhac Gearóid de Paor, a bhuaigh Craobh Peile na hÉireann le Ciarraí sna blianta 1975, 78, 79, 80, 81, 84, 85 agus 86. Ba gharmhac leis é Stiofán Mac Conmara, a bhí ar fhoireann an Chláir nuair a bhuadar Craobh Iomána na hÉireann sa bhliain 1995.

Sa bhliain 1973, bhí sé mar thraenálaí ar fhoireann Luimnigh ar bhuaigh Craobh Iomána na hÉireann don uair dheireanach go nuige seo. Ainmníodh Seán mar dhuine de Laochra Iomána na hAoise sa bhliain 1991.

D’éag sé i dTrá Lí sa bhliain 1994 agus, ceithre bliana ina dhiaidh sin, tógadh dealbh cuimhneacháin in ómós dó i lár Áth na Coite.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]