Seán Sagart

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
"J. Preste" nó Seán Sagart ina Impire ar an Aetóip, agus é ina shuí ar a shuíochán ríoga. Léarscáil na hAfraice Thoir in atlas a cuireadh in eagar don Bhanríon Máire sa bhliain 1558.

De réir mhiotaseolaíocht uile-Eorpach na Meánaoiseanna, rí Críostaí ab ea é Seán Sagart (nó, mar a deir foclóir Phádraig Uí Dhuinnín, Eoin Cruimhthir) agus é i gceannas ar ríocht mhór shaibhir Chríostaí taobh amuigh den Eoraip. Ní raibh Seán Sagart ann ar aon nós, ach bhí scéalta faoi ag dul timpeall na hEorpa ar feadh i bhfad, agus spreag sé na hEorpaigh chun an domhan a thaisteal ar lorg tíortha nua.

Bhí ráchairt ar an bhfinscéal faoi Sheán Sagart san Eoraip ón dóú haois déag go dtí an seachtú haois déag. Chreidtí, go bunúsach, go raibh sé ina shagart agus ina rí araon, agus go raibh a ríocht suite áit éigin ar an taobh eile de ríochtaí na bPágánach agus na Muslamach. Na scéalta a bhítí a insint faoi ríocht Sheáin Shagairt, thug siad le fios go raibh gach sórt iontaisí neamhshaolta ina ríocht, fiú gur sórt Parthas ar an domhan suthain seo a bhí ann. D'fhéadfá ríocht Sheáin a chur i gcomparáid le Tír na nÓg.

Ar dtús, deirtí go raibh ríocht Sheáin suite san India. Chuala na daoine iomrá éigin ar na Críostaithe Neastóracha agus ar an obair mhisinéireachta a bhí déanta acu sa Chian-Oirthear. Sa tríú haois i ndiaidh bhreith Chríost, chum na Gnóisithe téacs apacrafúil, Gníomhartha Thomáis, inar thug siad le fios go raibh an tAspal Tomás tar éis an India a thaisteal le bás an mhairtírigh a fháil ansin. Is dócha gur chuir an cineál seo téacsaí an chéad tús leis na finscéalta faoi Sheán Sagart. Nuair a d'ionsaigh na Mongólaigh an Eoraip, d'athraigh na finscéalta faoi Sheán. B'é an leagan nua ná go raibh cónaí air i Lár na hÁise. Sa deireadh thiar, d'áitigh na Portaingéalaigh orthu féin gur tháinig siad trasna air san Aetóip. Chuir na scéalta faoi Sheán Sagart fantaisíocht na ndaoine ar coipeadh, agus is iomaí taiscéalaí a chuaigh ar bhord a loinge le dul ar lorg ríocht Sheáin, ach d'fhan an ríocht sin as aice láimhe go deo. Is fearr a rá gur siombail a bhí ann a sheas don Eaglais uileghabhálach in aois an achrainn. Is follasach go raibh siombail den chineál sin ag teastáil ó na Críostaithe, ó tháinig scoilt idir an Eaglais Chaitliceach agus Eaglais an Oirthir.

Bunús an Fhinscéil[athraigh | edit source]

Na scéalta faoi Thomás agus faoina thuras misinéireachta go dtí an India, is follasach gur fhág siad a lorg ar an dóigh ar fhorbair an miotas. Thairis sin, chuala Críostaithe an Iarthair trácht ar an Eaglais Aisiriach san Áise, eaglais ar ar thug siad "an Eaglais Neastórach", ó shíl siad go raibh baint éigin ag an eaglais seo le teagaisc eiriciúla Neastóir. Bhí Neastór ina Ard-Easpag i gCathair Chonstaintín timpeall na bliana 430, agus tuairimí dá chuid féin aige i leith nádúr Chríost. Go bunúsach, bhí Neastór inbharúla nár chóir "Máthair Dé" a thabhairt ar Mhuire. B'fhearr leisean "Máthair Chríost". Thacaigh cuid mhór de na Críostaithe Oirthearacha le teagasc Neastóir, rud a d'fhág an mhíthuiscint seo ag Críostaithe an Iarthair. Cibé scéal é, d'fhág an leagan seo den scéal cuma dhraíochtúil ar an Eaglais Aisiriach i súile mhuintir an Iarthair, leath coimhthíoch, leath mealltach. Thairis sin, rinne an tAthair Eaglaiseach Irenaeus tagairtí doiléire d'"Eoin Sagart" nó "Eoin Preispitéir" éigin a scríobh, dar leis, dhá cheann de "Litreacha Naomh Eoin" sa Tiomna Nua - trí cinn atá ann ar fad. B'é an tEaspag agus an mairtíreach Papias a bhí mar mhúinteoir ag Irenaeus, agus b'é "Eoin Preispitéir" a bhí mar mhúinteoir ag Papias, dar le hIrenaeus. Is beag baint eile seachas an t-ainm atá ag an bpreispitéir seo le Seán Sagart mar charachtar miotasúil, áfach.

Cibé faoi sin, tháinig an chéad leagan críochnaithe den fhinscéal chun saoil sa chéad leath den dóú haois déag. Nuair a bhí Callixtus a Dó ina Phápa (1119-1124), fuarthas tuairiscí faoi bheirt Easpag ón India a thug cuairt ar an Eoraip. Chuaigh duine acu go dtí Cathair Chonstaintín, agus an duine eile go dtí an Róimh, mar dhea. Ní raibh ann ach scéal scéil, de réir dealraimh. Níos déanaí, bhreac an tEaspag Gearmánach Otto von Freising síos ina chroinic gur casadh easpag ó Jabala sa tSír air i bhfianaise an Phápa Eoghan a Trí, easpag arbh ainm dó Aodh nó Hugo, agus go raibh sé ag lorg cabhrach ón bPápa in aghaidh na Saraisíneach. D'inis Aodh d'Otto go raibh Seán Sagart, Críostaí Neastórach a bhí ina rí agus ina shagart araon, tar éis cathair Ecbatana a athghabháil ón bPeirs. Go gairid ina dhiaidh sin, - dar le hAodh - rinne Seán Sagart iarracht Iarúsailéim agus an Tír Naofa a ghabháil freisin, ach ó bhí an abhainn úd Tigris ag cur thar maoil le tuile na taoide, ní thiocfadh Seán trasna.

Le linn na Dara Crosáide, bhí na Críostaithe ag súil go dtiocfadh Seán Sagart chun tarrthála do na cathracha naofa agus go gcuideodh sé leo Edessa a athghabháil ó na Muslamaigh. Is féidir, fiú, gur scríobh Otto an scéal seo le féachaint chuige go seasódh lucht a dtacaíochta go daingean leis na Crosáidithe, in áit an obair a fhágáil faoi Sheán Sagart. Nó de réir mar a d'inis Otto an scéal, ní bheadh cabhair ar bith ag teacht ó Shéan, fiú dá mbeadh a leithéid de rí ann.

Is dócha gur leagan truaillithe d'fhíor-imeachtaí na staire é an scéal a d'inis Otto. Sa bhliain 1141, bhris saighdiúirí na Cánachta Caraiciotánaí an cath ar na Tuircigh Sheilsiúcacha ag Samarkand. Bhí na Seilsiúcaigh ag rialú na Peirse san am sin, agus iad ar an bhfórsa ba chumhachtaí dá raibh le fáil i measc na Muslamach. Mar sin, ba mhór an spreagadh do na Crosáidithe é an dochar a rinne na Caraiciotánaigh do na Seilsiúcaigh. Ní féidir a rá, áfach, gurb ionann an Cán Yelü Dashi, arbh é taoiseach na gCaraiciotánach é, agus Seán Sagart. Ní raibh an Cán ina Chríostaí, agus is éadócha go dtabharfadh aon duine "Seán Sagart" air. Mar sin féin, bhí Críostaithe Neastóracha ina ngéillsinigh ag an gCánacht Charaiciotánach, rud a threisigh an nasc leis an bhfinscéal faoi Sheán Sagart.

Litir Sheáin Shagairt[athraigh | edit source]

A bhratach.

Níor chualathas aon scéal nua faoi Sheán Sagart ach sa bhliain 1165. B'ansin a thosaigh cóipeanna de Litir Sheáin Shagairt ag dul timpeall ar fud na hEorpa. Cibé cé a scríobh í, bhí sé eolach ar na finscéalta faoi Alastar Mór chomh maith leis an téacs Gnóisíoch faoi mhisinéireacht Thomáis san India. Tugadh le fios gurbh é Seán Sagart, Rí na hIndia, a sheol an litir chuig Manuel a hAon Komnenos, an tImpire Biosántach (1143-1180). Thug an litir cur síos ar an oiread miorúiltí agus gur chuir sí draíocht as an ngnáth ar na hEorpaigh, agus is iomaí teanga a cuireadh uirthi, an Eabhrais ina measc. Bhí leaganacha cóirithe den litir ag dul ó lámh go lámh i lámhscríbhinní i bhfad ina dhiaidh sin. Tá céad cóip den litir ann i bhfoirm lámhscríofa i gcónaí, ach ní hé sin iomlán an scéil. Nuair a d'fhorbair gnó na clódóireachta, foilsíodh cóipeanna nua den litir i bhfoirm phriontáilte. Fiú i Ré na Fionnachtana, nuair a bhí na taiscéalaithe Eorpacha ag cur aithne ar Mheiriceá agus ar ilchríocha coimhthíocha eile, bhí cóipeanna priontáilte den litir ar fáil, agus iad á léamh ag na daoine. Cuid d'éirim an scéil ab ea é go raibh ríocht Chríostaí Neastórach ann i gcónaí faoi cheilt in iargúltacht na hÁise.

Ghéill na daoine do na scéalta faoi Sheán Sagart an oiread is gur chuir an Pápa Alastar a Trí litir chuig Seán Sagart ar an 27ú lá de Mhí Mheán Fómhair sa bhliain 1177. D'fhág sé faoina lia, Pilib, an litir a sheachadadh. Is dócha nár sheachaid Pilib an litir riamh, nó níl aon eolas eile fágtha ar annálacha na staire faoin dochtúir cróga. Níor bhain sin a dhath den dóigh a raibh an Litir ag dul timpeall, agus lucht a cóipeála ag cur dathanna nua léi. Lenár linn féin, rinneadh staidéar ar na lámhscríbhinní den Litir, agus is é an toradh a fuarthas ná gur scríobhadh an chéad uair í i nDeisceart na Fraince nó i dTuaisceart na hIodáile.

Seán Sagart agus Impireacht na Mongólach[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1221, d'fhill Jacques de Vitry, Easpa Acó (Acre), ón gCúigiú Crosáid. Cé nach raibh rath ar an gcrosáid féin, bhí dea-scéala leis. Dúirt sé go raibh Dáithí, Rí na hIndia, tar éis a chuid saighdiúirí a shlógadh le cath a chur ar na Saraisínigh. Bhí gabháltas déanta aige ar an bPeirs cheana féin, agus é ag teannadh isteach ar Baghdad anois. Mac nó garmhac do Sheán Sagart ab ea é Dáithí, dar leis an Easpag Jacques, don tSeán Sagart céanna a bhris an cath ar na Seilsiúcaigh sa bhliain 1141. Anois, bhí Dáithí le hIarúsailéim a athghabháil agus a atógáil.

An "Rí Dáithí" a raibh an tEaspag Jacques ag caint air, áfach, ní monarc Neastórach ná Críostaí ar bith eile a bhí ann, ach taoiseach de chineál eile ar fad, - mar atá, Geingeas Cán. Chuir gabháltais Gheingeas Cán cor nua sna scéalta faoi Sheán Sagart. Nuair a tháinig an Impireacht Mhongólach ar an bhfód, fuair Críostaithe deis cuairt a thabhairt ar thíortha agus ar chríocha nach raibh feicthe acu riamh roimhe sin, agus bhain na sluaite móra acu leas as bóithre maithe gardáilte na hImpireachta. Bhí na Críostaithe san Iarthar den tuairim i gcónaí go raibh ríocht Neastórach ann i bhfad ar shiúl sa Domhan Thoir, agus go raibh sé géar-riachtanach ag na Críostaithe comhghuaillíocht a chur ar bun le monarc na ríochta sin le stáit na gCrosáidithe a shábháil ó choinscleo na Muslamach. Sin é an fáth gur cuireadh na céadta misinéirí, toscairí, teachtairí agus ambasadóirí go príomhchathair na Mongólach le haithne a fháil ar Gheingeas Cán agus ar a chuid nósanna.

San am seo, d'oibrigh na daoine amach míniú casta ar an nasc idir Geingeas Cán agus Seán Sagart. Go bunúsach, ghlac siad leis gurbh ionann Seán Sagart agus Toghrul, athair altrama Gheingeas. Bhain croiniceoirí réasúnta inchreidte, ar nós Marco Polo, an Crosáidí agus an staraí Jean de Joinville, agus an Proinsiasach siúlach scéalach Odorico ó Pordenone an chuid ba mhó den chóiriú is den fhinscéal de phearsa Sheáin, agus iad ag tabhairt cur síos níos réadúla air. Is é an tuairisc a thugann Joinville air ina chroinic ná go raibh "fear saoithiúil" ann a chuir gairm shlógtha ar na treibheacha Tartáracha ann agus ar éirigh leis iad a aontú in aon arm amháin agus an cath a bhriseadh ar an námhaid ba láidre a bhí acu - mar atá, Seán Sagart. Dúirt Uilliam ó Rubruck, arís, go raibh a leithéid de thaoiseach ann agus "Vut", tiarna na treibhe úd Kerait agus deartháir an rí Neastóraigh, Seán, agus gur bhuaigh na Mongólaigh agus Geingeas ar Vut i bpáirc an áit. Thug Geingeas iníon Vut leis agus phós sé ar a mhac í, agus rugadh Möngke dóibh - an Cán a bhí i gceannas ar na Mongólaigh nuair a scríobh Uilliam a thuairisc. D'inis Marco Polo scéal a bhí cosúil leis seo. Dúirt seisean gur éirigh ina chogadh idir Seán Sagart agus Geingeas, nuair a d'iarr Geingeas, rí nua na dTatárach ceannairceacha, ar Sheán a iníon a thabhairt mar bhean chéile dó féin. Dhiúltaigh Seán go feargach, agus é barúlach nár chóir do ghéillsineach íseal cosúil le Geingeas bheith ag dréim le hiníon a thiarna. Sa chogadh a phléasc amach ina dhiaidh sin, cailleadh Seán Sagart, dar le Marco Polo.

Na scéalta a bhíodh á n-insint faoi Sheán Sagart san am seo, níor thagair siad dó mar a bheadh laoch dochloíte ann. Ní raibh ann ach duine den iliomad prionsaí, ríthe agus taoisigh a bhí cloíte ag na Mongólaigh. Sa deireadh thiar thall, áfach, thit an tóin as Impireacht na Mongólach, agus thosaigh na hEorpaigh ag smaoineamh nach raibh cónaí ar Sheán Sagart i Lár na hÁise riamh. Ar a laghad, ní raibh siad dóchasach as teacht ar Sheán ansin, nó nuair a d'imigh an Impireacht Mhongólach, d'éirigh bóithre Lár na hÁise míshuaimhneach agus dainséarach, agus ní fhéadfá an réigiún sin a thaisteal a thuilleadh. I saothair ar nós scéalta taistil John Mandeville nó Scéal an Triúr Ríthe le hEoin ó Hildesheim, tháinig cuma "Thír na nÓg" ar ríocht Sheáin Shagairt arís, agus ní raibh an ríocht sin suite i Lár na hÁise ní ba mhó, ach san India nó in áit dhúchoimhthíoch éigin ar fad. Ina dhán eipiciúil Parzival, cheangail an file meánaoisiúil Gearmánach Wolfram von Eschenbach scéal Sheáin Shagairt d'fhinscéal an tSoithigh Naofa.

Seán Sagart agus an Aetóip[athraigh | edit source]

Ríocht Sheáin Shagairt san Aetóip.

Deirtí gurbh é Seán Sagart "rí na hIndia", ach ní raibh sé soiléir sna laethanta sin cá raibh a leithéid d'áit agus an India. Ba mhinic a thagair na scríbhneoir do "na Trí Indiacha", agus ós rud é nach raibh eolas ceart acu ar an Aigéan Indiach, shíl siad uaireanta gur ceann de na trí Indiacha seo ab ea í an Aetóip. Bhí a fhios ag muintir an Domhain Thiar gur náisiún láidir Críostaí a bhí ann, ach ó chuir an tIoslam ding idir an Eoraip agus an Aetóip, ní raibh mórán teagmhála ag na hEorpaigh leis an ríocht sin. Anois, agus an chuma ag teacht ar an scéal nach raibh Seán Sagart le fáil san Áise, d'iompaigh samhlaíocht na hEorpa i dtreo áit eile sna h-"Indiacha", go dtí gur thángthas ar ríocht chumhachtach a bhí insamhlaithe le Seán Sagart - ríocht na hAetóipe.

Thagair Marco Polo don Aetóip mar thír mhór mhillteanach Chríostaí, agus bhí tairngreacht ag Críostaithe an Oirthir go n-ionsódh an Aetóip an Araib an lá ab fhaide anonn, ach níor luaigh Marco Polo ná an tairngreacht Seán Sagart leis an Aetóip. Ansin, sa bhliain 1320, tháinig toscaireacht Aetópach go dtí an Eoraip, tríocha ambasadóir ar fad, agus deir ceann de na taifid a scríobhadh faoi na himeachtaí gurbh é Seán Sagart patrarc a n-Eaglaise. B'é an misinéir Doiminiceánach Jordanus an chéad duine a dúirt go neamhdhébhríoch, ina leabhar Mirabilia Descripta ón mbliain 1329, go raibh Seán Sagart ina chónaí san Afraic. Agus é ag plé na "Tríú hIndia", bhreac Jordanus síos roinnt scéalta fantaiseacha faoin Aetóip agus faoi rí na hAetóipe, "ar a dtugann na hEorpaigh Seán Sagart". Ina dhiaidh sin, d'éirigh sé ní ba choitianta Seán Sagart a shamhlú leis an Afraic. Nuair a shocraigh an tImpire Lebna Dengel agus na Portaingéalaigh teagmháil taidhleoireachta idir an Eoraip agus an Aetóip sa bhliain 1520, b'ionann "Seán Sagart" agus rí na hAetóipe, in intinn an ghnáth-Eorpaigh ar a laghad.

Níor thug na hAetópaigh féin "Seán Sagart" ar a nImpire riamh, áfach. Nuair a tháinig ambasadóirí an Impire Zara Yaqob ón Aetóip go Flórans sa bhliain 1441, chuir sé dubhiontas orthu ar fad, nuair a dúirt prealáidí Chomhairle Fhlórans gur ambasadóirí ó Sheán Sagart a bhí iontu. Rinne siad iarracht a mhíniú nach raibh a leithéid de theideal le fáil i measc ainmneacha ríoga an Impire Zara Yaqob. Ní raibh gar ann, áfach. Bhí Seán Sagart ag teastáil ón Eoraip, chreid na hEorpaigh gurbh é Impire na hAetóipe Seán Sagart, agus mar sin, ní fhéadfadh na hEorpaigh ach Seán Sagart a thabhairt ar an Impire. Cuid de na scríbhneoirí a thug Seán Sagart ar Impire na hAetóipe, thuig siad nach céimíocht dhúchasach Aetópach a bhí ann. Mar shampla, dealraíonn sé nár shíl Jordanus go raibh údarás Aetópach leis an ainm sin, ach d'úsáid sé é, ó bhí a fhios aige go samhlódh a chuid léitheoirí leis an Aetóip é.

Táthar ag áitiú le fada an lá gurbh í an Aetóip a chuir an chéad tús leis an bhfinscéal faoi Sheán Sagart. Síleann formhór na saineolaithe inniu, áfach, gurb í an t-aon bhaint atá ag an Aetóip le Seán Sagart ná an dóigh ar cuireadh an finscéal in oiriúint don Aetóip, cosúil leis an dóigh ar cuireadh in oiriúint do Lár na hÁise agus do Wang Khan sa tríú haois déag. Ní féidir tagairtí ná leideanna don Aetóip a aithint ar na foinsí is sine faoi Sheán Sagart. San Aetóip féin, níor chuala aon duine iomrá ar bith ar Sheán Sagart sular tháinig an tír i dteagmháil leis an Eoraip arís. Sa bhliain 1751, cheistigh Remedius Prutky, Proinsiasach Seiceach, an tImpire Aetópach Iyasus a Dó faoi bhaint a thíre le Seán Sagart. De réir mar a d'inis Prutky, "bhí iontas mór ar an Impire, agus dúirt sé liom nár chleacht ríthe na hAetóipe a leithéid d'ainm riamh." I bhfonóta a chuir sé leis na focail seo, deir Richard Pankhurst gur dócha gurb é sin an chéad ráiteas i leith Sheáin Shagairt ó aon mhonarc Aetópach a cuireadh i míotar ar aon nós, agus gur dócha nár chuala aon Impire Aetópach trácht ar bith ar Sheán Sagart roimh an gceist seo ó Prutky.

Deireadh an Fhinscéil[athraigh | edit source]

Sa seachtú haois déag, chruthaigh scoláirí ar nós Hiob Ludolf, an saineolaí Gearmánach ar an léann Aetópach, nach raibh baint ar bith ag Seán Sagart le monarcaí na hAetóipe de réir fhoinsí dúchasacha na tíre sin. Mar sin, d'fhág an rí clúiteach ríocht na geograife le socrú síos i ríocht na fantaisíochta sa deireadh. San am seo, áfach, bhí a chuid oibre déanta aige, nó is iomaí taiscéalaí, misinéir, scoláire agus fear eachtraíochta a fuair inspioráid i scéal Sheáin Shagairt thar na céadta bliain. Spreagadh tábhachtach do Ré na Fionnachtana a bhí ann, ar a laghad.