Seán Pilib Ó Maolchalann
Ba innealtóir Éireannach é Seán Pilib Seán Pilib Ó Maolchalann (Ó hUallacháin uaireanta) (Béarla: John Philip Holland), 29 Feabhra, 1840 – 2 Lúnasa, 1914).
Clár ábhair |
[athraigh] Beathaisnéis
[athraigh] A Shaol in Éirinn
Rugadh Seán óg do Sheán Ó hUallacháin agus do Mháire Ní Scanláin i Lios Ceannúir i gContae an Chláir, agus triúr deartháir aige. Tógadh an chlann le Gaeilge, teanga an chontae ag an am. Cois farraige atá Lios Ceannúir, agus bhí athair an Uallachánaigh ina gharda cósta.
Níor fhoghlaim an tUallachánach an Béarla i gceart nó go ndeachaigh sé ar an Scoil Náisiúnta. Sa bhliain 1858 thosaigh sé mar dhalta i scoil na mBráithre Críostaí in Inis Díomáin, agus i gceann tamaill chuaigh sé sna Bráithre é féin, é ag múineadh i Luimneach agus ina lán áiteanna eile. Ba léir go raibh bua na cumadóireachta agus na ceardúlachta aige, rud a chuir isteach (más fíor) ar a chuid múinteoireachta agus é ag obair ar rudaí eile i gcónaí. D'fhág sé an t-ord sa bhliain 1873 de dheasca drochshláinte.
Thug a dheartháir Mícheál isteach i mBráithreachas Poblachtach na hÉireann, buíon réabhlóideach, é. Bhí suim ag Seán i mbáid faoi uisce, agus bheartaigh sé féin agus roinnt Fíníneach scéim chun fomhuireán a scaoileadh amach as tóin long thráchta agus long chogaidh Bhriotanach a ionsaí, seift nár tháinig aon toradh uirthi.
[athraigh] Meiriceá
Sa bhliain 1873 bhain an tUallachánach amach na Stáit; tar éis dó tamall a thabhairt ag obair i gcomhlacht innealtóireachta chuaigh sé leis an múinteoireacht arís i Scoil Naomh Eoin i New Jersey. Níor bhac an post seo air fomhuireáin nua a chumadh, agus é ag coimhlint le lucht déanta fomhuireán eile sa bhaile agus i gcéin. Bhí stair na mbád faoi thoinn ar eolas aige: na hiarrachtaí a rinneadh ón 17ú haois amach, an bád faoi thoinn a cheap David Bushnell sa bhliain 1775 le linn Chogadh an Neamhspleáchais, an chéad fhomhuireán lánmhiotail - ceann a rinne Robert Fulton sa bhliain 1800.
Sa bhliain 1875 chuir sé dearthaí faoi bhráid an Chabhlaigh, ach síleadh nach raibh feidhm leo. Deich mbliana roimhe sin, i rith Chogadh na gCarad, bhí Meiriceánaigh sásta triail a bhaint as a lán cineálacha bád nua, ach bhí an Cabhlach ag cailleadh cibé spéise a bhí acu i soithí neamhchoitianta. Bhí suim ag na Fíníní sa ghnó fós agus airgead acu chuige, agus iadsan a chuir ar chumas Uí Uallacháin éirí as an múinteoireacht. Lainseáladh an Reithe Fíníneach, bád sách beag, sa bhliain 1881, ach d'éirigh idir Ó hUallacháin agus na Fíninigh, agus baint mhór ag an aighneas le cúrsaí íocaíochta.
Lean an tUallachánach den obair, é ag tógáil a lán fomhuireán trialach, agus ar 17 Aibreán 1897 lainseáladh an ceann ab fhearr riamh. Bhí sí in ann turas sách fada a chur di faoi uisce, agus dhá inneall dhifriúla aici - ceann leictreach faoi uisce agus ceann peitril ar uachtar. Bhain an Cabhlach diantrialacha aisti agus choimisiúnaigh í sa bhliain 1900 mar USS Holland. Ordaíodh sé cinn eile ón longcheárta chéanna, an Crescent Shipyard in Elizabeth, New Jersey, faoi cheannas chomhpháirtí Uí Uallacháin, Arthur Leopold Busch. Is é an comhlacht a fáisceadh as an ngnó seo an "Electric Boat Company", a bunaíodh ar 7 Feabhra 1899. I gceann tamaill bhí air scaradh leis an gcomhlacht toisc gá a bheith aige le caipiteal oibre.
[athraigh] An Fomhuireán Domhanda
Ba bheag an mhoill ar thíortha eile an fomhuireán nua a úsáid. Bhí a leagan féin ag an gCabhlach Ríoga (d'ainneoin an rúin a bhí ag an Uallachánach tráth an cabhlach úd a chur go tóin poill) agus bhí lámh ag Busch i dtógáil fhomhuireáin Chabhlach Impiriúil na Seapáine, soithí a bhí beagán níos toirtiúla ná fomhuireáin Uí Uallacháin.
Bhí a fhios ag an Uallachánach cén díobháil a d'fhéadfadh fomhuireáin a dhéanamh i gcogadh, agus dóchas aige go mbacfadh an drochthuar ar dhaoine formhuireáin a úsáid mar arm - dóchas ar mhill an Chéad Chogadh Domhanda é díreach ar uair a bháis. Sa chuid dheireanach dá shaol d'iompaigh sé ón uisce agus thug a aghaidh ar an aer; bhí trialacha ar siúl aige san eitleoireacht, agus is dócha go dtiocfadh toradh fónta orthu dá mairfeadh sé tamall eile.
[athraigh] A Bhás
Cailleadh Seán Pilib Ó hUallacháin in Newark, New Jersey, in aois a cheithre bliana is seachtó, tar éis seacht mbliana is caoga a chaitheamh ag obair ar fhomhuireáin; fear a bhí ina Bhráthair Críostaí seal, ina réabhlóidí, ina mhúinteoir saolta agus ina innealtóir.
[athraigh] An Ghaeilge
Níor dhearmad an tUallachánach an chuid ba dhoimhne dá dhúchas: an Ghaeilge. Fáisceadh é as ceann de na Gaeltachtaí ba láidre in Éirinn, agus is amhlaidh go mbíodh sé ag múineadh Gaeilge sna Stáit. Bhí sé ar na Gael-Mheiriceánaigh neamhchoitianta arbh fhiú leo an teanga a shaothrú, cé go raibh an teanga ag meath go tiubh sa bhaile agus é ag dul in aois.
[athraigh] Naisc sheachtracha
| Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Seán Pilib Ó Maolchalann |
- Gary W. McCue, "John Philip Holland (1841-1914) And His Submarines". Geocities.com.
- Holland's Submarines Grianghrafanna d'Fhomhuireán #1 agus den Reithe Fíníneach in Iarsmalann Paterson, New Jersey.
- Electric Boat/General Dynamics web site le heolas ar an Uallachánach agus ar dhaoine eile a bhí ann nuair a bunaíodh an comhlacht seo.
- [1] Déanann an suíomh tagairt do longcheárta Nixon mar áit a ndearnadh soithí nua cabhlaigh.