Seán Mac Giollarnáth

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Mac Giollarnáth
Beathaisnéis
Breith13 Meán Fómhair 1880
Bás28 Eanáir 1970
89 bliana d'aois
Goirtín, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, béaloideasóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Scríbhneoir agus fear béaloidis a bhí i Seán Mac Giollarnáth (188029 Eanáir 1970).[1] Ba é an breitheamh sna Cúirteanna Dúiche i gConamara lena chois sin.

I gCoill an Bhógaigh i bparóiste Chluain Chaoin i gceantar Bhéal Átha na Slua a rugadh Seán Mac Giollarnáth ar an 13ú Meán Fómhair, 1880. Breac-Ghaeltacht a bhí sa gceantar sin ag an am. Ní raibh Gaeilge ag muintir Sheáin Mhic Ghiollarnáth ach bhí cailín aimsire as Ros Muc ag obair sa teach. Ba bheag Béarla a bhí aici siúd agus is ar an gcaoi sin a fuair Mac Giollarnáth eolas ar an nGaeilge, i dtosach. Fuair Seán Mac Giollarnáth post sa Státsheirbhís i Londain agus é ina fhear óg agus is ansin, i bpríomhchathair na Breataine, a chuir sé aithne ar leithéidí Phádraic Uí Chonaire agus Mhicheál Breathnach. Bhí Mac Giollarnáth bainteach le Conradh na Gaeilge i Londain agus ghlac sé móid Bhráithreachas na Poblachta ansin freisin. Ach ní raibh sé gníomhach nuair a tharla an tÉirí Amach i 1916.

Chuaigh Seán Mac Giollarnáth leis an iriseoireacht ar bhonn lánaimseartha nuair a d’fhill sé abhaile go hÉirinn i 1908. Bhí sé ina eagarthóir ar an iris "An Connachtach" agus, ina dhiaidh sin arís, bhí sé ina Leas-Eagarthóir ar an "gClaidheamh Solais", nuachtán an Phiarsaigh. Ach bhí aidhmeanna eile ina cheann aige seachas an scríbhneoireacht agus na scéalta; thosaigh Seán Mac Giollarnáth ag déanamh staidéir ar an dlí. Bhain sé a cháilíochtaí sa dlí amach i 1920, tráth a raibh sé dhá scór bliain d’aois. Ceapadh é ina Bhreitheamh ar na Cúirteanna Dúiche in iarthar na Gaillimhe i 1925, stádas a bhí aige ar feadh 25 bliain.

Ba sa tréimhse sin a chur sé a láimh dháiríre i gcúrsaí béaloidis. Ba i 1941 a cuireadh leabhar Mhic Giollarnáth "Annála Beaga as Iorras Aithneach" i gcló den chéad uair. Seoid í an leabhar seo ar bhealaí go leor- glór mhuintir na linne sin ag trácht ar an saol a bhí ag an nglúin a tháinig rompu agus níos faide siar. Tá sé ráite go bhfuair Mac Giollarnáth go leor den eolas agus den bhéaloideas de bharr na gairme a bhí aige – fear riartha an dlí i ndúichí Chonamara. Ach d’fhill sé ar a dhúiche féin ar imeall thoir an chontae freisin agus i 1949 foilsíodh a shaothar, "Mo Dhúthaigh Féin".

Ba sa mbliain dár gcionn – 1950 – a chríochnaigh Seán Mac Giollarnáth a thréimhse mar Bhreitheamh sna Cúirteanna Dúiche in aois a dheich mbliana agus trí scóir. Ach níor chuir sin deireadh lena chuid oibre sna Cúirteanna mar lean sé ar aghaidh ag obair mar dhlíodóir. Choinnigh sé leis an mbéaloideas freisin agus thug Ollscoil na hÉireann Céim Oinigh LL.D. do as an obair sin i 1959.

Rinne Seán Mac Giollarnáth cuimse oibre ag cur na mbailiúchán béaloidis i dtoll a chéile, ach, ar ndóigh, tá an-aitheantas ag dul freisin do na daoine a thug na scéalta agus an t-eolas sin dó. Bhí cuimse acu thart sa gceantar seo. Bhí Seán Mac Giollarnáth pósta le Tríona Ní Fhearáin agus bhí triúr mac acu. Fuair sé saol fada freisin. Bhí sé deich mbliana le cois na cheithre scóir nuair a bhásaigh sé i 1970. Tá scéalta agus eolas faoi shaol Iorras Aithneach agus Chonamara a bheadh imithe uainn anois, curtha ar pháipéar ag Seán Mac Giollarnáth – fear dlí agus fear béaloidis den scoth.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]