Seán Ó Tuama

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Ó Tuama
Beathaisnéis
Breith28 Eanáir 1926
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Deireadh Fómhair 2006
80 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, drámadóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Harvard Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Gradam a fuarthas
Seán Ó Tuama

Scoláire, file agus drámadóir as Corcaigh ab ea Seán Ó Tuama (28 Eanáir 1926 - 14 Deireadh Fómhair 2006).[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'as ceantar Mhúscraí athair an Tuamaigh, Aodh.

Ní raibh aige ach sé bliana déag agus é ag tosú i gColáiste Ollscoile Chorcaí. Ba mhó go mór an tionchar a bhí ag an ollamh Domhnall Ó Corcora air.

Múscraí

Chaith an Tuamach na blianta mar Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Chorcaí. Rinne comhollamh de in 1968 agus ó 1982 gur éirigh sé as an bpost in 1990 bhí sé ina Ollamh le Litríocht na Gaeilge. Chaith sé tamaill ina ollamh cuairte in Oxford agus in Harvard agus ba mhinic ag léachtóireacht é i Meiriceá Thuaidh. Mar mhúinteoir, spreag an Tuamach go leor daoine le dul i mbun scríobh na filíochta.[2]

Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Bhí an Tuamach gníomhach i gcúis na Gaeilge agus chaith sé tamall ina Chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge. D'éirigh sé as tar éis dó plean gníomhaíochta a fhoilsiú ina raibh spriocanna nach raibh ró-uaillmhianach ach a bhí indéanta dar leis, ach ní bhfuair sé tacaíocht ar bith ón rialtas.

Fuair an Tuamach bás i gCorcaigh ar an 14 Meán Fómhair 2006, in aois 80 bliain dó.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí spéis ar leith ag an Tuamach sna dánta grá, i bhfilíocht Sheáin Uí Ríordáin agus Aogáin Uí Rathaille agus san aistriúchán.

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Grá in Amhráin na nDaoine (An Clochomhar Tta., 1960)[3]
  • An Grá i bhFilíocht na nUaisle (1988)[4]
  • Caoineadh Airt Uí Laoghaire (An Clochomhar Tta)[5]
  • Láirín Ó Lúrtha - Leabhar ceoil do pháistí (An Gúm)[6]

Filíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Drámaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Gunna Cam agus Slabhra Oir. Drama Vearsaíochta Thrí Ghníomh (Sairseal Agus Dill, 1973).
  • Moloney agus Drámaí Eile[7]
  • Gunna Cam agus Slabhra Óir, le Seán Ó Tuama léirithe den chéad uair in Amharclann an Damer, 1968 le haghaidh Féile Amharclainne Átha Cliath.

Cnuasaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "An Duanaire: Poems of the Dispossessed" (1981). Dolmen Press. 
  • Coiscéim na hAoise Seo (Coiscéim, 1991)ː rogha d’fhilíocht Ghaeilge an fichiú haois
  • An anthology of 20th century poetry in Irish

Essays[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Amharclann an Damer

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Ó TUAMA, Seán (1926–2006)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-09-13.
  2. "Louis de Paor" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-09-13.
  3. "An Grá in Amhráin na nDaoine | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-26. Dáta rochtana: 2019-09-13.
  4. "An Grá i bhFilíocht na nUaisle | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-30. Dáta rochtana: 2019-09-13.
  5. "Caoineadh Airt Uí Laoghaire | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-11-20. Dáta rochtana: 2019-09-13.
  6. "Láirín Ó Lúrtha | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-11. Dáta rochtana: 2019-09-13.
  7. "Moloney agus Drámaí Eile | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-22. Dáta rochtana: 2019-09-13.
  8. "Cúirt, Tuath agus Bruachbhaile | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-30. Dáta rochtana: 2019-09-13.