Seán Ó Cuirreáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Ó Cuirreáin

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithGort an Choirce, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
An Coimisinéir Teanga
2004 – Feabhra 2014 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcraoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirRTÉ Raidió na Gaeltachta Cuir in eagar ar Wikidata

Chaith Seán Ó Cuirreáin deich mbliana ag feidhmiú mar Choimisinéir Teanga in Éirinn. Ba é an chéad duine é a ceapadh sa phost sin, de thairbhe Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ceapadh é ar 23 Feabhra 2004.[1] Bhí sé ina Leas-Cheannasaí ar Raidió na Gaeltachta agus ina iriseoir ansin ar feadh 25 bliana sular ceapadh é.

D'éirigh sé as an bpost mar Choimisinéir Teanga ar an 23 Feabhra 2014 mar go raibh sé den tuairim go raibh an Ghaeilge á himeallú diaidh ar ndiaidh. "An rogha a bhí agam ná seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill," a dúirt sé le Comhchoiste Oireachtais i mí Eanáir 2014.

I 2018 cheap an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn é ar an gComhairle Stáit.[2]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh Seán Ó Cuirreáin in aice le Gort an Choirce i dTír Chonaill agus d'fhreastail sé ar an ollscoil i nGaillimh. Chaith sé trí bliana ina dhiaidh sin ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus go páirtaimseartha le RTÉ. Ansin thosaigh sé ag obair le Raidió na Gaeltachta i 1979, áit ar fhan sé go dtí gur ceapadh ina Choimisinéir Teanga é.[3]

Seoladh leabhar dá chuid, "Éagóir - Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna" ar an 19 Bealtaine 2016. Insint úrnua é seo ar scéal Mhaolra Seoighe agus Dúnmharuithe Mhám Trasna, a bhfuil pictiúir stairiúla agus taifid oifigiúla ann nár foilsíodh cheana i bhfoirm leabhair.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]