Scrabble

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí CluicheScrabble
Sampla detile-based game (en) Aistrigh, sequential game (en) Aistrigh, letter game (en) Aistrigh, cluiche focal, game on cell board (en) Aistrigh agus spórt intinne
CruthaitheoirAlfred Mosher Butts
FoilsitheoirHasbro agus Mattel
Bunaithe arLexiko (en) Aistrigh
Íoslíon imreoirí2
Líon uasta na n-imreoirí4 agus 2
Tuilleadh eolais
BoardGameGeek320
Eagarthóirí Vicipéide ag imirt Scrabble ag "Wiknic" in Brooklyn, Nua-Eabhrac

Cluiche boird is ea Scrabble. Modh an chluiche ná focail a chuir ar an gclár ar bhealach cosúil le crosfhocal. Is féidir le suas le ceathrar imreoir páirt a ghlacadh sa chluiche. Faigheann gach imreoir líon teoranta litreacha (7 nó 8 de ghnáth). Duine a ndiaidh a chéile, caithfidh na himreoirí iarracht a dhéanamh focail bhailí a dhéanamh leis na litreacha atá acu, agus iad a nascadh leis na focail atá ar an gclár roimhe. Braitheann luach na bhfocail ar luach na litreacha (tá luach níos airde ar litreacha atá níos annaimhe) agus ar na cearnóga bisigh a iolraíonn scór litreach nó scór an fhocail iomláin. Is é cuspóir an chluiche an scór is airde a fháil.

Cuireadh faiche imeartha trí thoiseach leis an bun-choincheap seo i Scrabble3D. San leagan seo is féidir focail a chuir ón tulra go dtí an cúlra chomh maith le ó thuas go thíos agus ó thall go anall. Tá níos mó cearnóga, dá bhrí sin is féidir an tacar litreacha a iolrú, agus freisin níor mó féidearthachtaí chun teaglaim a chruthú. Ní bhíonn lorg láthair maith chun focal a chuir chomh tábhachtach agus atá sé sa ghnáth cluiche toisc gur féidir Scrabble a chuir níos minice.

Dar ndóigh is féidir gnáth chluiche a imirt sa mhodh 2-D ar clár imeartha le 15x15 cearnóg nó Sárscrabble le clár 21x21, nó clár ar do rogha féin. Is féidir gach gné den gcluiche a chumrú: is féidir líon agus luach na litreacha, an foclóir atá le n-úsáid, teanga an roghchláir agus dar ndóigh dath agus cló agus araile a roghnú.

Is féidir an cluiche a imirt in aghaidh an ríomhaire, le himreoirí eile ar an ríomhaire céanna nó trasna an idirlíon le daoine eile. Is féidir freisin imreoirí eile a aimsiú ar fhreastalaí cluichí agus rangú a bhaint amach. Is féidir le cluiche ar an bhfreastalaí a bheith aisioncronach, sé sin le rá nach gá do gach imreoir a bheith logáilte isteach chun go ndéanfadh imreoir a bheart. Sa bhreis ar sin, tig le daoine eile a bheith ag faire ar an gcluiche, agus gan amhras tá an iliomad bealach ann chun cumarsáid a dhéanamh.

Tá an suiteáil thar a bheith éasca, agus tá sé ar chumais an chláir nuashonraithe agus comhaid bhreise a íosluchtú.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]