Scréachóg coille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Éan coille de chlann na bpréachán is ea an scréachóg coille. An-chosúil ina iompar is a chruth leis an rúcach, ach ball bán ag bun a heireabaill is cleití gorma taobh istigh dá sciatháin. Fanann sí amach ó dhaoine, ach bíonn a scréacha garbha le haireachtáil. Neadaíonn sí i dtoim dhlútha gar don talamh.