Scléaróis iolrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar ina gcailltear an gnáthchumhdach (an mhiailin) a bhíonn ar néaróin san inchinn is corda an dromlaigh. Cuireann sé seo isteach ar tharchur na ríog ar feadh na néaróg, rud a lagaíonn gníomhú na gcóras sa cholainn a bhíonn faoi rialú na néaróg sin. Faigheann duine amháin as gach 2,000 an galar, mná níos minice ná fir. Ní fios cad is cúis leis, ach d'fhéadfadh próiseas uathimdhíonach a bheith mar bhun leis. Is ilchineálach na hairíonna cliniciúla, ach cuimsíonn siad laige sna géaga, radharc dúbailte, deacrachtaí urlabhra, veirtige, codladh grifín, éagumas gluaiseachtaí a chomhordú (neamhluail), iad sin uile díomuan ach athfhillteach, ag éirí níos troime de réir a chéile. Níl aon chóireáil ar leith air mar ghalar.