Gerridae

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Scinnire locháin)
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoGerridae Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeInsecta
OrdHemiptera
ForfhineGerroidea
FineGerridae Cuir in eagar ar Wikidata
Leach, 1815

Is fine feithidí iad na Gerridae san ord Hemiptera, ar a dtugtar go coitianta scinnirí locháin. Ag teacht le haicmiú na nGerridae mar fhíorfheithidí (.i., fo-ord Heteroptera), tá baill an bhéil tagtha chun cinn ag na gerridae le haghaidh pollta agus diúil, agus tá chumas neamhghnách acu, sé sin gur féidir leo siúl ar dhromchla uisce, iompartha ag teannas ribeadach. Bíonn dromchla ar a cosa is a colainn atá uisce-éarthach dofhliuchta agus tugtar neostóin orthu mar sin. Tógtar iad go hanatamaíoch chun a meáchan a aistriú le go mbeidh siad in ann rith ar bharr dhromchla an uisce. Mar thoradh air sin, is dócha go bhfaighidh duine scinnirí locháin i láthair in aon lochán, abhainn nó loch. Tá cur síos déanta ar níos mó ná 1,700 speiceas, 10% díobh san éiceachóras muirí.[1]

Den chuid is mó, itheann siad feithidí atá á mbá.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Aquatic insects: challenges to populations" (2008): 23, 270, 284. CABI.