Sceanra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
🍴Sceanra

Cuir in eagar ar Wikidata
Fuaim
Meascán sceanra.

Sceanra a thugtar ar chnuasach sceana, gabhlóga agus spúnóga agus roinnt uirlisí eile a bhaintear feidhm as chun bia a ullmhú agus a láimhseáil. Ní bhaintear feidhm as gach ceann ag gach béile.

Is féidir sceanra a idirdhealú in dhá aicme - sceanra a bhaintear feidhm as chun bia a ullmhú agus sceanra a bhaintear feidhm as chun bia a ithe. Baintear feidhm as scian mór ar nós scian spólta, gabhlóg mhór, ladar, beangán, liach, teanchair is uirlisí eile nuair atá bia á ullmhú. Baintear feidhm as sceana, gabhlóga agus spúnóga chun béile a chaitheamh. Más béile é i rith an lae, de ghnáth baintear feidhm as scian agus gabhlóg. Má tá anraithmilseog le n-ithe, baintear leas as spúnóg. Is féidir scian a bheith ann i gcóir im; spúnóg bheag chun siúcra a chaitheamh isteach i taecaife agus é a chorraí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]