Scarab

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Priompallán a bhfuil cosa tosaigh oiriúnaithe aige chun bualtrach a fhoirmiú i liathróid le rolladh isteach i seomra faoi thalamh chun na larbhaí a chothú ann. Ba í siombail an aiséirí is na neamhbhásmhaireachta an scarab san Éigipt ársa, agus dhéantaí briochtaí is séalaí stampála i bhfoirm na scaraibe a chaití mar shiogairlíní nó fáinní.