Scannán otair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is scannán ina bhfuil ábhair nó radhairc ghraosta, ghairsiúla, ghlonnmhara, dhéistineacha, shamhnasacha d'aon turas é scannán otair. Is iad comharthaí sóirt scannán otair ná scéal a ghluaiseann ar aghaidh go mear, béim ar ghreann a bhaineann le leithris agus nithe ábartha eile, comhriachtain, greann amaideach, tuth na colainne agus nithe eile a bhaineann le feidhmiú na colainne ar nós bheith ag gaofaireacht agus ag brúchtach, drochiompar, cearmansaíocht, bachram, luargacht ar nós smugaí a thochailt sa srón, bia a chaitheamh i mbruíon, daoine á nochtú féin gan cúis agus caint cáidheach. Tá an cineál scannán seo dírithe ar aoisaicme óg idir a 18 agus a 25.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh léiritheoirí scannáin ag déanamh na cineál scannán seo ag deireadh na 1960í.

Cheaptar gurb é an scannán Pink Flamingos (1972) a chur tús leis an aicme scannáin seo de bharr an radharc sa scannán inar itear cac madra ann. Ó deireadh na 1990í, tá borradh tagtha ar na scannáin seo. Bhí an-éileamh ar scannáin amhail There's Something About Mary, Porky's, American Pie, Old SchoolWedding Crashers. Tá clú agus cáil ar na scannáin otra a rinne Sacha Baron Cohen, Borat agus Bruno ach go háirithe.

Seo a leanas cnuasach de na scannáin otra is cáiliúla:

  • Ace Ventura: Pet Detective
  • American Pie
  • Animal House
  • The Aristocrats
  • Austin Powers: Goldmember
  • Bachelor Party
  • Bad Santa
  • Bad Taste
  • BASEketball
  • Big Daddy
  • Blazing Saddles
  • Boat Trip
  • Braindead (Dead Alive)
  • Caddyshack
  • Clerks
  • Date Movie
  • Deuce Bigalow: Male Gigolo
  • Deuce Bigalow: European Gigolo
  • Dodgeball: A True Underdog Story
  • Dumb and Dumber
  • Eurotrip
  • Fast Times at Ridgemont High
  • The 40-Year-Old Virgin
  • Freddy Got Fingered
  • The Girl Next Door
  • Good Luck Chuck
  • Jackass: The Movie
  • Jay and Silent Bob Strike Back
  • Joe Dirt
  • The Meaning of Life
  • Meatballs
  • The Naked Gun
  • National Lampoon's Van Wilder
  • The Nutty Professor (1996)
  • Old School
  • Pink Flamingos
  • Porky's
  • Risky Business
  • Road Trip
  • Scary Movie
  • Slackers
  • South Park: Bigger, Longer & Uncut
  • Stripes
  • The Heartbreak Kid
  • The Sweetest Thing
  • There's Something About Mary
  • Team America: World Police
  • Wedding Crashers