Scagaire dathanna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ábhar trédhearcach a tharchuireann solas ó chuid roghnaithe den speictream infheicthe is a ionsúnn sciar den chuid eile nó a hiomlán. Úsáidtear scagaire mar seo chun solas le comhdhéanamh a theastaíonn a sholáthar, nó cothromaíocht dathanna áirithe a bhaint amach i ngrianghrafadóireacht dhaite. I ngrianghrafadóireacht dhubh is gheal, athraíonn scagaire dathanna ton dathanna áirithe sa radharc (mar shampla, chun treise a chur leis an spéir).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Scagaire dathanna". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 578.