Scála (ceol)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa cheol, na nótaí a dhéanann bunghluais córais shéisigh nó armónaigh, leagtha amach mar chéimeanna suas ní síos. De bhrí gur minic a bhíonn gluaiseacht chéimneach i ngach saghas ceoil, beagnach, tá cleachtadh na scálaí bunúsach i dtraenáil gach ionstraimí. Is iad na scálaí tábhachtacha i gceol an iarthair ná na scálaí mórghléis is mionghléis, an scála peantatonach, an scála lántonach, agus an scála crómatach.