Scáileán (grianghrafadóireacht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Scáileán i bpictiúrlann

Sa ghrianghrafadóireacht, an dromchla a dtaispeántar an íomhá air, frithchaiteach i dteilgean ón tosach is tréshoilseach i dteilgean ón taobh thiar. Ní mór go n-oiriúnaíonn na tréithe frithchaite do na coinníollacha féachana. Más neamhlonrach réscaipeach an scáileán, is féidir an íomhá a fheiceáil thar uillinn leathan. Más dromchla miotalaithe nó gloinithe é, ní bhíonn an íomhá le feiceáil ach taobh istigh d'uillinn ghéar os a comhair amach. Sa phictiúrlann bíonn an scáileán pollta le patrún de phoill bheaga chun nach maolófar an fhuaim ó na callairí taobh thiar de.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Scáileán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 579.