Sasafras

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Roinnt plandaí difriúla. Maidir leis an bhfíorshasafras, is tom mór nó crann é a fhásann 30 m ar airde, dúchasach d'oirthear Mheiriceá Thuaidh. An duilliúr cumhra, na bláthanna neamhfheiceálach scothghlas, na torthaí gormliath cosúil le caora. Is blastán é ola sasafrais den chuid is mó, agus driogtar é ón gcoirt, na craobhóga is na fréamhacha. Is leigheasach insileadh na coirte.