Sarah Palin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Sarah Palin | |
|
|
|
| In oifig 4 Nollaig 2006-inniú |
|
| Réamhtheachtaí: | Frank Murkowski |
|
|
|
| Dáta breithe | 11 Feabhra, 1964 |
| Sandpoint, Idaho | |
| Páirtí | Páirtí Poblachtach |
| Céile | Todd Palin |
Is polaiteoir Meiriceánach í Sarah Louise Heath Palin (rugadh ar 11 Feabhra, 1964) agus is iar-ghobharnóir Stáit Alasca í. Is ball den Pháirtí Poblachtach í.
Ba bhall de Chomhairle Cathrach Wasilla in Alasca í ó 1992 go 1996 agus toghadh í mar Mhéara Wasilla dhá uaire ó 1996 go 2002. Rinne sí iarracht post mar Leas-Ghobharnóir Alasca a bhaint amach sa bhliain 2002 ach theip uirthi. Ba Chathaoirleach ar Choimisiún Caomhantais Ola agus Gáis, Alasca í ó 2003 go 2004 agus ba Mhaoirseoir Eitice an Choimisiúin í ag an am céanna.
Toghadh í mar Ghobharnóir Alasca i Mí na Samhna, 2006. Ba í an chéad bhean agus an duine is óige riamh chun na hoifige sin a bhaint amach. Bhuaigh sí ar an sealbhóir Poblachtach, Frank Murkowski, sa réamhthoghchán agus bhuaigh sí ar iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh, Tony Knowles, san olltoghchán. Fuair sí 48.3% de na vótaí i gcomparáid le 40.9% ag Knowles.
D'fhógair John McCain ar 29 Lúnasa, 2008 gurb í iarrthóir an Pháirtí Phoblachtaigh le haghaidh phost an Leas-Uachtaráin sa toghchán 2008. Ainmníodh í ag Comhdháil Náisiúnta na bPoblachtach i St. Paul, Minnesota sa bhliain 2008.