Samsung Tocco

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Samsung Tocco

Is fón é an Samsung Tocco nó an F480. Sheol Samsung é i mí Iúil na bliana 2008. Is é an Tocco an chéad fhón póca a cuireadh in oiriúint don Ghaeilge. Tá sé curtha in iúl ag an gcomhlacht go mbeidh gléas tuarthéacs don Ghaeilge mar chuid den fhón agus go mbeifear in ann seirbhísí uile an fhóin a úsáid trí Ghaeilge. Seoladh é ar 2 Iúil 2008.[1] Is é an chiall atá leis an bhfocal 'Tocco', ná 'Tadhall' nó 'Teagmháil' as Iodáilis.[2] [3]

Gnéithe[athraigh | edit source]

Tá scáileán tadhaill ag an bhfón, chomh maith le ceamara, agus raidió.

Cruthú an leagain Ghaeilge[athraigh | edit source]

Dar le comhlacht Samsung, thóg sé cúig mhí orthu an tseirbhís tuarthéacs a chur i bhfeidhm ar an bhfón nua. Beidh 44,000 focal Gaeilge mar chuid den acmhainn Ghaelach seo agus beidh an fón curtha in oiriúint do 11 theanga eile, in éineacht leis an nGaeilge. Ba é an chomhlacht Nuance, a d'aistrigh an bogearra tuarthéasc T9 go Gaeilge, le cabhair ó Fhoras na Gaeilge.[3]

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]