Sampláil villeas cóiríneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teicníocht chun samplaí an fhíocháin phlacaintigh, timpeall 8-12 seachtain isteach sa tréimhse iompair, go hidéalach. Cuirtear snáthaid isteach sa mháthair trí bhallaí an bhoilg is na broinne faoi threoir iomháú ultrafhuaime. Cuirtear ar aghaidh í go sroichtear imeall na placainte, agus tógtar píosa beag as sin.

Is féidir an sampla seo a thastáil chun na crómasóim is an DNA a anailísiú agus na heinsímí a mheasúnú, féachaint an bhfuil siondróm Down i láthair, nó neamhoird ghéiniteacha eile, cosúil le fiobróis chisteach.

Priacal beag go spreagfar breith anabaí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sampláil villeas cóiríneach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 576.