Sam Maguire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSam Maguire
Beathaisnéis
Breith1879
Contae Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Feabhra 1927
47/48 bliana d'aois
Siocair bháisBás nádúrtha (Eitinn)
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Peile Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Dealbh, Dúnmaonmhuí

Ba phoblachtóir Éireannach agus imreoir peil Ghaelach é Samuel ("Sam") Maguire (Somhairle Mag Uidhir) (1879 - 6 Feabhra, 1927). Cuimhnítear air go príomha mar eapainm Chorn Shomhairle Mhig Uidhir, a thugtar do bhuaiteoirí sinsear uile-Éireann sa pheil ghaelach.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Corn

Rugadh Maguire i Meall a' Bhreaca gar do Dhúnmaonmhui sa bhliain 1877.Bhí ceathrar deartháir agus beirt deirfiúr aige. Oileadh é sa Mhódhscoil i nDúnmaonmhuí agus ansin i scoil cháiliúil eile, darbh ainm Scoil an tSléibhe, in Ard Uí bhFicheallaigh in aice le Cloch na Coillte.

Fuair Maguire post sa státseirbhís i Londain agus ghlac sé páirt ghníomhach sa Chumann Lúthchleas Gael ann. Ba phoblachtach go smior é agus bhuail sé le Mícheál Ó Coileáin i Londain. Bhí Sam Maguire ar son an tSaorstáit.[1]

músaem CLG

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail eitinn Maguire agus cailleadh é i Meall a' Bhreaca ar an 6 Feabhra 1927. Tá sé curtha i reilig Naomh Mhuire, Dhúnmaonmhui, i lár an bhaile mhóir. Ní raibh Maguire ach 49 mbliana d'aois nuair a fuair sé bás, gan cáil agus gan phingin.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Sam Maguire (2003) Margaret Walsh. Kenneigh Tower Publications.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Ó GRÁDAIGH, Eoghan (1902–1987)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-02-05.