Salvatore Riina

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Salvatore "Toto" Riina)
Infotaula de personaSalvatore Riina

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith16 Samhain 1930
Corleone, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17 Samhain 2017
87 bliana d'aois
Parma, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Renal cell carcinoma (en) Aistrigh)
Padrino
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Airde158 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcoirpeach, sraithmharfóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis
Eile
TeaghlachSicilian Mafia (en) Aistrigh agus Corleonesi (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileNinetta Bagarella Cuir in eagar ar Wikidata
Ciontaíodh idúnmharú Cuir in eagar ar Wikidata

Duine de na boic mhóra sa Mafia sa tSicil ab ea Salvatore Riina, (1930-2017) nó "Totò". Saolaíodh ar an 16ú lá de Mhí na Samhna é, sa bhliain 1930. An té nach bhfuil i gcomhchlos dó, tugann sé U Curtu ("an fear beag", "an stumpa", i gcanúint na Sicile) air freisin. Nuair a bhí "Totò" amuigh ag coirpeoireacht i gcónaí, mharaigh sé dhá scór de dhaoine, agus creidtear gur chuir sé na dúnmharfóirí i ndiaidh na gcéadta eile. Sna hochtóidí agus i dtús na nóchaidí, chuir Riina agus a "theaghlach" coiriúil, muintir Corleonesi, cogadh ar na teaghlaigh choiriúla eile agus ar lucht an dlí araon, agus b'é an feachtas seo a rinne a chabhóg, nó d'iompaigh sé na sluaite móra in aghaidh Mhafia sa tSicil féin. Sa deireadh thiar thall, fuair Riina agus cuid mhór coirpeoirí eile iad féin i dtóin an phríosúin.

A Bhealach i dTreo na Cumhachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhás Riina anuas i gCorleone agus chuaigh sé le muintir Corleonesi, "teaghlach" áitiúil Mhafia. Sa bhliain 1949, agus é ina stócach ocht mbliana déag, d'éirigh idir é agus fear eile le linn comhrá, agus mharaigh Riina a chéile díospóireachta le hurchar gunna. Gabhadh é ansin, agus gearradh príosúnacht sé bliana air in éiric na dúnorgaine seo.

Sna caogaidí, ní raibh teaghlach Corleonesi róthábhachtach i saol coiriúil na Sicile. Bhí mafiosi na gcúigí eile. muintir Palermo ach go háirithe, den bharúil nach raibh iontu ach scológa bochta agus staicíní áiféise. Tháinig malairt phoirt acu, áfach, nuair a mharaigh Luciano Liggio, mafioso óg uaillmhianach, seantaoiseach na gCorleonesi, Michele Navarra, sa bhliain 1958. B'é Liggio a d'éirigh ina cheann urra nó ina chapofamiglia ar na Corleonesi anois, agus b'iad Bernardo Provenzano agus Totò Riina a bhí ag tacú leis nuair a chrom Liggio ar an gcath brúidiúil i gcoinne na ndrong eile le cur le cumhacht an teaghlaigh s'aige ar fud na Sicile.

I dtús na seascaidí, b'éigean don triúr seo dul ar a seachnadh ó lámh an dlí, agus barántas amuigh ar gach aon fhear acu. Daoradh Riina chun príosúnacht fadsaoil as dúnmharú sa bhliain 1963, ach, mar a cheadaíonn dlí na hIodáile, ní raibh ann ach breith mháinneachtana, is é sin, breith in absentia, nó ní raibh sé féin láithreach sa chúirt. Chaith Riina an chéad tríocha bliain eile ar a theitheadh.

Sa bhliain 1974, rug na póilíní ar Luciano Liggio, agus gearradh príosún saoil air in éiric na ndúnmharuithe a bhí déanta aige. Fág is go raibh cumhacht éigin i gcúrsaí na gCorleonesi sa phríosún féin dó, b'é Riina a fágadh ina chapo cheal Liggio. I ndeireadh na seachtóidí, bhí an tSicil iompaithe ina lárionad tábhachtach drugdhíoltóireachta agus smuigleála, agus lámh mhór ag Riina sa ghnó seo. Bhí an t-airgead ag tonnadh isteach go tiubh téirimeach, buíochas le chomh héadálach is a bhí an hearóin, agus theastaigh ó Riina smacht a fháil ar ghnó na ndrugaí. Mar sin, chinn sé ar chogadh a chur ar na "teaghlaigh" eile faoin hearóin.

I ndeireadh na seachtóidí, maraíodh cuid mhaith státseirbhísigh, breithiúna, ionchúisitheoirí agus Carabinieri (póilíní airm) ar orduithe ó Riina. Chuir an feachtas seo lagmhisneach ar an Stát, agus Riina in ann na dronga eile a mhilleánú as na coireanna seo. Choinnigh sé a impireacht choiriúil cuíosach slán, agus na teaghlaigh eile thíos leis na gabhálacha a rinne na póilíní. Is amhlaidh nach raibh cinn urra na dteaghlach eile ag seachaint na poiblíochta. Ba mhinic a chonacthas ag cóisirí eisiacha iad ag déanamh séischomhrá leis na maithe is na móruaisle. Mar sin, má maraíodh duine de na maithe is na móruaisle seo, bhí aithne ag na póilíní ar an "gcara Críost" áitiúil, agus ní raibh moill orthu teacht ar a lorg ná é a chúisiú faoin drochghníomh a bhí déanta ag lucht leanúna Totò Riina. Maidir le Riina agus a chuid comrádaithe-sean, bhí siadsan ar a n-éalú ón dlí cibé scéal é, agus ní raibh sé furasta iad a ghabháil, fiú dá mbeadh na póilíní i ndrochamhras fúthu.

An Cogadh faoi Mhafia i dTús na nOchtóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thar aon duine eile, bhí lucht leanúna Riina ag iompairc le Stefano Bontade, Salvatore Inzerillo, agus Gaetano Badalamenti,. a bhí ina dtaoisigh ar theaghlaigh thábhachtacha i saol coiriúil na Sicile. Ar an 23ú lá de Mhí Aibreáin, 1981, loisceadh sailbhe meaisínghunna ar Bhontade, agus sula raibh mí imithe, criathraíodh Inzerillo ar an dóigh chéanna. Gan dabht gan déidearbhadh, bhí an chinniúint chéanna á hullmhú do Bhadalamenti, ach d'éirigh leis éalú ón tSicil in am. Básaíodh daoine muinteartha de chuid an triúir seo freisin. Nuair a mhionnaigh mac Inzerillo, agus é díreach ag teacht in inmhe fir san am seo, go mbainfeadh sé sásamh a athara as na murdaróirí, ní raibh cúl ar bith ar Riina an buachaill a mharú freisin.

Chuaigh an ródach is an t-eirleach thar fóir is thar cheasaí ina dhiaidh sin, nó bhí sé chomh dona is gur maraíodh dháréag duine de mhafiosi ar aon lá amháin, is é sin, ar an tríochadú lá de Mhí na Samhna 1982, i bPalermo. Na coirpeoirí a tharraing fuath Riina orthu féin, ní raibh siad slán ná sábháilte i Meiriceá féin, nó dúnmharaíodh deartháir le hInzerillo thall ansin, i New Jersey, i ndiaidh dó a éalú a dhéanamh thar sáile.

Cé go raibh Riina ag cur cogaidh ar na mafiosi eile, ní hionann sin is a rá go raibh sé éirithe as na státseirbhísigh a mharú. B'é dúnmharú Carlo Alberto Dalla Chiesa an choir ba mhó den chineál seo, ag an am. Ginearál de chuid na gCarabinieri a bhí ann, mar Dalla Chiesa, agus é tar éis an-cháil a tharraingt air féin ag cur catha ar na sceimhlitheoirí radacacha clé, na Briogáidí Dearga. Chreidtí go coitianta gurbh eisean an fear le Mafia a chloí, má bhí an obair sin indéanta ar aon nós. Ar aon tríú lá de Mhí Mheán Fómhair, 1982, mharaigh murdaróir eadarnaí Dalla Chiesa, a bhean chéile agus duine de na gardaí cosanta a bhí acu. Creidtear gurbh é Pino Greco, "An Bhróg", a rinne an obair, chomh maith le roinnt mhaith coireanna eile den chineál seo. Bhí Greco ina mhurdaróir muiníneach ag Riina, agus dóigh ar leith aige ar AK-47. Sin é an cineál arm ba mhinicí a d'úsáideadh sé ina chuid oibre.

Creidtear go bhfuair míle duine bás agus go ndeachaigh ceal in dhá chéad eile le linn an chogaidh a chuir Riina ar na teaghlaigh eile de choirpigh i dtús na n-ochtóidí. Bhí rabharta seo an anbháis as an ngnáth i saol na Sicile féin. Is é an scéal is mó uafáis ná "seomra an bháis" a bhí á reáchtáil ag Filippo Marchese, duine de lucht leanúna Riina. Árasán i bPalermo a bhí ann, agus na daoine á gcéasadh istigh ansin le go dtabharfaidís faisnéis uathu faoi phleananna na dteaghlach eile. Nuair a chinn Marchese nach raibh úsáid ar bith fágtha san íobartach, ba nós leis é a thachtadh lena lámha féin agus an corpán a scrios le haigéad láidir. Ansin, thugadh a chuid cúntóirí leo a raibh fanta den chorpán as an árasán.

Ba mhinic a d'imir Riina feillbheart ar na coirpeoirí eile le linn an chogaidh seo. Ba nós leis comhghuaillíocht a shocrú le mafioso éigin eile a mharódh sé ar an toirt nuair a chinnfeadh sé nach raibh buntáiste le glacadh air a thuilleadh. Mar sin, d'ordaigh sé do Pino Greco an céasadóir Filippo Marchese a mharú sa bhliain 1982. Trí bliana ina dhaidh sin, scaoil sé féin Greco, ó bhí sé den tuairim go raibh an murdaróir ag éirí ró-uaillmhianach.

Thosaigh an feall ag filleadh ar an bhfealltóir sa deireadh, áfach. Sa bhliain 1982, d'iompaigh Tommaso Buscetta, ball de cheann de na teaghlaigh a bhí ag géilleadh an fhóid do Riina, d'iompaigh sé ina phentito, ina ollbhrathadóir. Bhí Buscetta tar éis formhór mór a chuid cairde agus gaolta a chailleadh agus an dóigh a raibh lucht leanúna Riina ag déanamh sléachta rompu. Mar sin, chinn sé nach raibh sé in ann a dhíoltas a imirt ar Riina ach a chuid faisnéise a roinnt leis na húdaráis.

An Dóigh ar Gabhadh é[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí na breithiúna Paolo Borsellino agus Giovanni Falcone ag cruthú go maith agus iad ag cur troda ar Mhafia, rud a thabhaigh síorbhagairt an anbháis dóibh. Ba dóigh leo, fosta, go raibh na huachtaráin agus, fiú, a gcuid comhbhreithiúna ag cur isteach ar an obair a bhí idir lámhaibh acu. Is dócha go raibh Mafia in ann a thionchar a imirt ar chuid de na daoine seo.

Ar an 23ú lá de Mhí na Bealtaine, 1992, phléasc buama faoi bhun an ghluaisteáin a bhí Falcone a mharcaíocht, taobh amuigh de Phalermo. Fuair an breitheamh, a bhean chéile, agus a gcuid gardaí cosanta bás sa phléasc. Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, maraíodh Borsellino agus cúigear garda cosanta ar an mbealach céanna, a bheag nó a mhór. B'é Riina a d'ordaigh na hainghníomhartha seo. Chuir an dá dhúnmharú sochaí na hIodáile ar mire le fearg, agus na daoine ag milleánú an rialtais nach raibh in ann, dar leo, a gceart den tslándáil a chinntiú do laochra na troda in aghaidh Mhafia. Sa deireadh thiar thall, ní raibh de rogha ag an rialtas ach locadh ginearálta a chóiriú leis na mafiosi a chaitheamh i dtóin phríosúin.

Ar an 15ú lá d'Eanáir 1993, fuair na Carabinieri leid ó bhrathadóir a chuir ar lorg Riina iad. Bhí gluaisteán Riina díreach ag fanacht leis an solas uaine, nuair a nocht na póilíní armtha gach taobh de leis an mafioso mór a ghabháil. An bunfhear cnagaosta a fuair na póilíní istigh sa ghluaisteán, dúirt sé nach raibh ann ach cuntasóir bocht, agus sin é an chosúlach a bhí air. Mar sin féin, b'eisean Salvatore "Totò" Riina ina steillebheatha gan aon agó. Nuair a fuair lucht a leanúna amach gurbh é a ghiománach gluaisteáin, Balduccio di Maggio, a sceith air, chrom siad ar a ndíoltas a agairt ar mhuintir di Maggio. Lámhach dúnmharfóirí Mhafia athair an ghiománaigh, chomh maith le beirt dearthárach leis.