Salsabh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda a bhíonn débhliantúil de ghnáth, Tragopogon porrifolius, a fhásann 1.25 m ar airde, dúchasach do réigiún na Meánmhara. An bhunfhréamh sorcóireach, na duilleoga cosúil le féar, cinn na mbláthanna aonarach, vialait/corcra, timpeallaithe ag 8 mbracht. An toradh mar a bheadh paraisiút mór cleiteach gruaige. Saothraítear go forleathan é ar son na fréimhe inite méithe, agus uaireanta mar mhaisiúchán.