An tSaiheil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Crios fásra idirmheánaigh idir gaineamhlach is sabhána mar a mbíonn an bháisteach neamhrialta randamach go leor is an talamh screabach. Luaitear an crios leathan ó dheas ón Sahára a bheith mar seo is é ag cuimsiú codanna den Mharatáin, Sead, Mailí, an tSeineagáil, Buircíne Fasó is an Nígir. Bíonn triomach is gorta in áiteanna mar seo go minic.