Saicíníteas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Athlasadh saicín, púitse beag snáithíneach a chuimsíonn sreabhán. Faightear a leithéid timpeall ar ailt is teannáin chun gluaiseacht a bhealú is frithchuimilt a laghdú. Is féidir go dtarlóidh athlasadh mar thoradh ar thráma nó ionfhabhtú. Leanann pian is at é, agus déanann gluaiseacht ailt nó teannáin chóngaraigh níos measa é.