Saguenay, Québec

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSaguenay, Québec

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósAbhainn Saguenay Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 48°25′00″N 71°04′00″W / 48.4167°N 71.0667°W / 48.4167; -71.0667
Stát ceannasachCeanada
Cúige CheanadaQuébec
Réigiún riaracháin in QuébecSaguenay–Lac-Saint-Jean (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán144,723 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús127.4 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla1,136 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Saguenay Cuir in eagar ar Wikidata
Airde166 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú18 Feabhra 2002
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtaisJulie Dufour (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinville.saguenay.ca Cuir in eagar ar Wikidata
Youtube: UCZrHMtnkrI2wvYFRweKNOtA Cuir in eagar ar Wikidata

Cathair in oirthear chúige Québec, i gCeanada is ea Saguenay. Tá an chathair suite ar an Abhainn Saguenay, isteach is amach le 200 ciliméadar (120 míle slí) ó thuaidh ó Chathair Québec. Bunaíodh Saguenay ar 18 Feabhra 2002 nuair a cuireadh cathracha Chicoutimi, Jonquière, La Baie et Laterrière le chéile.

Tá 143,692 duine ina gcónaí i Saguenay. Tá an Fhraincis ó dhúchas ag 98.1% den daonra, Béarla ag 0.9%. Is Caitlicigh iad tromlach na ndaoine (96.1%). Is é Jean Tremblay méara na cathrach. Méara ar Chicoutimi a bhí ann sular cuireadh cathair Saguenay le chéile.

Tá cuid mhór den gheilleagar bunaithe ar shaothrú acmhainní nádúrtha, go mór mór páipéar (ag an gcomhlacht Abitibi-Consolidated) agus alúmanam (Alcan). Tá roinnt stáisiúin chumhachta ann a bhaineann féidhm as an gcumhacht uisce sa cheantar. Is é Saguenay an chathair is faide ó thuaidh in oirthuaisceart Mheiriceá Thuaidh agus, go deimhin, stadann an bóthar chun an tuaiscirt giota beag taobh ó thuaidh ón gcathair féin.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]