Sacán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cineál smólaigh a chaitheann an geimhreadh in Éirinn agus an tréímhse ó Bhealtaine go Samhain i dtuaisceart is oirthear na hEorpa, mar a bpóraíonn sé. A dhroim donnrua, baill liatha ar a cheann is a eireaball. Áitríonn sé coillte is talamh feirmeoireachta. Itheann sé torthaí, feithidí, péisteanna is seilidí. Bailíonn sé ina n-ealtaí de na céadta de ghnáth.