Súmaire (péist)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Péist fháinnechruthach nó leathleacaithe, a bhfuil gaol aige leis na péisteanna talún. An cholainn soshínte sochraptha, súiteoir ag gach ceann de ghnáth. Is fuiliteoirí ar óstaigh veirteabracha cuid mhaith acu, agus seadáin ar inveirteabraigh cuid eile. Faightear iad i ngnáthóga tíre uisciúla is taise sna creasa measartha is trópaiceacha. D'úsáidtí an cineál hirudo sa luathmhíochaine chun othair le galair éagsúla a fhuiliú.