Súile cait

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Stodaí rubair le péire frithchaiteoirí ar an dá fhoirceann, a insealbhaítear i mbóthar ag achair rialta chun lár an bhóthair a mharcáil san oíche trí cheannsoilse feithiclí a fhrithchaitheamh don tiománaí. Cheap Percy Shaw iad i 1934. Is féidir le feithiclí an stoda rubair a chomhbhrú gan aon damáiste a dhéanamh dó ná do roth na feithicle.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Súile cait". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 634.