Sól

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Aon bhall den chlann leathóg soleidae, forleathan in uiscí tanaí os cionn na scairbhe ilchríochaí sna creasa trópaiceacha is measartha. Ina measc tá an sól Eorpach, an sól coiteann, a fhaightear ón Meánmhuir go dtí an Iorua. Suas le 50 cm ar fhad, an dá shúil ar thaobh deas na colainne. Bia-iasc an-choitianta, a ghabhtar trí thrálaeireacht.