Síolta gheal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Síolta gheal
Smew.both.arp.600pix.jpg
Aicmiú eolaíoch
Ríocht: Animalia
Fíleam: Chordata
Aicme: Aves
Ord: Anseriformes
Fine: Anatidae

Is éan beag, cineál tumaire, é an síolta gheal. Tá sé dúchasach do thuaisceart an tSeandomhain. Ball de d'fhine na Anatidae. Cíor ghliobach ar chúl an chinn. An fireannach bán le droim is eireaball dubh, agus paistí dubha faoi na súile is ar chúl an chinn. An baineannach donn den chuid is mó. Áitríonn sé uiscí úra nó uiscí foscúla cladaigh. Tugtar smiú air freisin.