Sí-abhabha
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Sí-abhabha | |||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Aicmiú eolaíoch | |||||||||||||
|
|||||||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
Is é an sí-abhabha nó chihuahua an saghas madra is lú dá bhfuil ann.
Clár ábhair |
Cur síos[athraigh]
Tá sé in ainm a bheith éirimiúil agus neirbhíseach. Tá cuma shaintréitheach air. De ghnáth bíonn na súile agus na cluasa mór. Bíonn an tsrón gearr. Bíonn na hainmhithe 500g-3kg ar meáchan.
Stair[athraigh]
D'eascair an t-ainm ó stát Chihuahua i Meicsiceo. Ní léir conas a tháinig na madraí seo ar an bhfód, ach ó lár na naoú haoise déag ar aghaidh, bhí turasóirí á gceannach i stát Chihuahua. Deirtear gurbh iad na Techichi, madraí beaga a bhí ina gcónaí Meicsiceo roimh theacht na nEorpach, sinsir an phóir.[1]
Tagairtí[athraigh]
- ↑ The Chihuahua Handbook, D. Caroline Coile, Ph.D., foilsithe ag Barron's, 2000; ISBN 0-7641-1521-9.
Naisc[athraigh]
- Chihuahua ag an Open Directory Project (Tionscadal Eolaí Oscailte)
- Le standard de la race