Séamas IV, Rí na nAlbanach
| Séamas IV, Rí na nAlbanach | |
|---|---|
| Rí na nAlbanach | |
| Réimeas | 11 Meitheamh 1488–9 Deireadh Fómhair 1513 |
| Dáta breithe | 17 Márta 1473 |
| Áit bhreithe | Caisteal Sruighlea, Albain |
| Dáta báis | 9 Deireadh Fómhair 1513 |
| Áit bháis | Flodden Field, Northumberland, Sasana |
| Réamhtheachtaí | Séamas III, Rí na nAlbanach |
| Comharba | Séamas V, Rí na nAlbanach |
| Rítheaghlach | Stiúbhartach |
| Céile | Margaret Túdar |
Bhí Séamas IV (17 Márta, 1473 - 9 Meán Fómhair, 1513) ina Rí na nAlbanach ó 11 Meitheamh, 1488 go dtí a bháis. Meastar, de ghnáth, gur éirigh níos fearr leis mar rí ná an chuid is mó de na Stiúbhartaigh, ach thainig críoch lena réimeas leis an mbriseadh tubaisteach ag Cath Flodden Field.
[athraigh] Luathshaol
Ba mhac Shéamais III agus agus Mhargrete na Danmhairge é, rugadh é i gCaisteal Sruighlea. is dócha. Mar léiroidhre chun choróin na hAlban, cheapadh é ina Diúc Bhaile Bhòid . Ní Rí na ndaoine a bhí ina athair agus bhí ar dhá reibiliún a chur faoi chois. Le linn an dara ceannairc, chuir na reibiliúnaithe Séamas, agus é in aois a cúig déag, chun tosaigh mar cheannaire ainmniúil. Maraíodh a athair, ag troid in aghaidh na reibiliúnach ag Blàr Allt a' Phuill Sheilich, ar an 11 Meitheamh, 1488, agus ghlac Séamas an rìchathair agus corónaíodh é ag Sgàin ar 24 Meitheamh. Nuair a bhfuair sé amach an ról indíreach a bhí aige i mbás a athair, shocraigh sé ar aithrí a dhéanamh as a chuid pacaí. Ón dáta sin ar aghaidh, chaitheadh sé 'cilicium, sé sin léine ghruaige, déanta as slabhra trom iarainn, thar a chuim, in aice leis an gcraiceann, i rith an Carghais.