Séamas III, Rí na nAlbanach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Séamas III, Rí na nAlbanach
Rí na nAlbanach
James III and Margaret of Denmark.jpg
Réimeas 3 Lúnasa 1460 – 11 Meitheamh 1488
Dáta breithe 10 Iúil 1451
Áit bhreithe Gleann Iucha, Albain
Dáta báis 11 Meitheamh 1488
Áit bháis Blàr Sauchieburn
Réamhtheachtaí Séamas II, Rí na nAlbanach
Comharba Séamas IV, Rí na nAlbanach
Rítheaghlach Stiúbhartach
Céile Margrete na Danmhairge

Ba é Séamas III (10 Iúil 1451 - 11 Bealtaine 1488) Rí na nAlbannach idir na blianta 1460 agus 1488. Ní raibh gnaoi na ndaoine air ná mórán éifeachta leis toisc drogall a bheith air an dlí a chur i bhfeidhm go cothrom, é a bheith ag iarraidh dul i bpáirt le Sasana agus é féin agus beagnach gach duine dá mhuintir a bheith in árach a chéile.

Mhaslaigh roinnt croinicithe déanacha é agus tuairim acu gur mhó an dúil a bhí aige i gceol agus a leithéid ná i gcúrsaí sealgaireachta agus cogaidh. Dá bhrí sin tháinig de chlú air gurbh eisean céad Rí Albannach na hAthbheochana Léinn, cé nár mhór an pátrún ealaíne é le hais Shéamas IV agus Shéamas V.

Óige[athraigh | edit source]

Caisleán Naomh Aindrias i bhFíobha

Rugadh é do Shéamas II agus do Mháire ó Guelders, cé nach fios go cinnte cá háit ná cén uair. Deir Norman Macdougall, an beathaisnéisí is déanaí, gur rugadh é i ndeireadh Mhí na Bealtaine 1452 i gCaisleán Naomh Aindrias i bhFíobha. Lean sé a athair ar 3 Lúnasa 1460 agus i gceann seachtaine gairmeadh rí de i Mainistir Chealsaidh i Rosbrog.

Nuair a bhí sé óg tháinig trí fhaicsean i réim i ndiaidh a chéile: baicle Mháire ó Guelders, máthair an Rí (1460-1463) (a thóg Burg Berwick ar ais i seilbh na hAlban ar feadh tamaillín); baicle Shéamais Cinnéide, Easpag Naomh Aindrias, agus Ghilbeirt, an chéad Tiarna Chinnéide (1463- 1466); agus baicle Roibeird, an chéad Tiarna Boyd (1466-1469).

Túr thiar Mhainistir Chealsaidh (ag féachaint anoir aneas air).

Muintir Boyd[athraigh | edit source]

Bronnadh teideal Iarla Arainn ar Thomás, mac an Tiarna Boyd, agus phós sé Máire, deirfiúr an Rí. Shocraigh muintir Boyd cleamhnas an Rí le Mairéad (Margrete) na Danmhairge, iníon Christian I na Danmhairge, sa bhliain 1469. Fuarthas Inse Orc agus Sealtainn mar gheallta le spré Mhairéad, agus sa bhliain 1470 ghabh Séamas na hoileáin isteach i Ríocht na hAlban.

Pósadh[athraigh | edit source]

Phós Séamas Mairéad na Danmhairge i Mí Iúil 1469 i Mainistir na Croise i nDún Éideann. Rugadh triúr mac:

  • Séamas IV na hAlban
  • Séamas Stíobhard, Diúc Rosa
  • Eoin Stíobhard, Iarla Mhárr (d'éag 1503)

Tharraing muintir Boyd gráin orthu féin toisc a shantaí a bhí siad, agus d'éirigh idir iad agus Séamas i ndiaidh na bainise. Tugadh béim síos do Roibeard agus do Thomás agus iad imithe thar tír amach leis an mBanphrionsa Máire i mbun taidhleoireachta. Mharaigh Séamas muintir an Ridire Alasdar Boyd sa bhliain 1469, agus cuireadh pósadh Mháire ar neamhní sa bhliain 1473.

Caidreamh agus cogadh le Sasana[athraigh | edit source]

Le linn na 1470í bhí fonn ar Shéamas ionradh a dhéanamh ar an Mór-Roinn, agus é á cháineadh sa Pharlaimint dá bharr.

Chuaigh Séamas i gcomhar le Sasana ansin agus socraíodh go bpósfadh an mac ba shine aige (arbh é Séamas IV é ina dhiaidh sin) Sisile ó Eabhrac, iníon Éadbhard VI Shasana agus Elizabeth Woodville. Chuir seo olc ar mhórán daoine ar chúiseanna stairiúla, gan trácht ar na cánacha a gearradh chun íoc as an mbainis.

D'éirigh idir an Rí agus a dheartháracha: Alasdar Stíobhard, Diúc Albany agus Eoin Stíobhard, Iarla Mhárr. Cailleadh Márr go hamhrasach i nDún Éideann sa bhliain 1480 agus coigistíodh a chuid tailte. Cuireadh i leith Albany go raibh sé ciontach as tréas agus as an gcomhaontas le Sasana a bhriseadh, agus thug sé an Fhrainc air féin.

Bhí an comhaontas sin lag go leor faoin am seo; thosaigh troid fhánach, agus sa bhliain rinne Éadbhard IV Shasana ionradh ceart. Bhí Albany (a thug "Alasdar IV" air féin) in éineacht leis, agus nuair a thug Séamas iarracht ar an bhfód a sheasamh rug baicle uaisle air ag Droichead Labhdair sa bhliain 1482. Cuireadh i ngéibheann i gCaisleán Dhún Éideann é agus tháinig rialtas nua ann faoi cheannas Albany. Theip ar na Sasanaigh an caisleán a ghabháil cheal airgid agus d'fhill siad abhaile.

Caisleán Loch Mhabain

D'éirigh le Séamas baill de rialtas Albany a cheannach, agus chuir Albany colg ar Sheoirse Gordon, Iarla Huntly agus uasal cumhachtach, nuair a d'éiligh sé Iarlacht Mhárr. Faoi dheireadh chuaigh Albany chun Sasana agus thug faoi ionradh eile a dhéanamh ar Albain ag Loch Mhabain sa bhliain 1484, iarracht ar theip uirthi. Maraíodh Albany le linn giústála i bPáras sa bhliain 1485.

Bás[athraigh | edit source]

Leac chuimhneacháin Shéamais ag Mainistir Chamas Sgeanail

Lean Séamas air ag treabhadh an iomaire chéanna. Dhiúltaigh sé an tír a shiúl chun an dlí a chur i bhfeidhm agus d'fhan i nDún Éideann, agus lean sé air ag iarraidh dul i gcomhar le Sasana. Thit sé féin agus Mairéad, a bhí ina cónaí i Sruighlea, amach le chéile agus bhí míghnaoi ag teacht aige ar an mac ba shine aige. An dara mac ab ansa leis.

Ghéaraigh an míshásamh chun cogaidh sa bhliain 1488 nuair a thug sé a aghaidh ar uaisle mídhílse ag Cath Bhúrn na Sailighe. Orthu sin bhí Séamas, an mac ba shine aige. Buadh ar Shéamas III agus is dócha gur maraíodh sa troid é. (Níl aon fhianaise ann gur maraíodh go fealltach é, mar a deir croinicithe éigin, ná gur theith sé ón ármhá.)

Níor mheatachán é Séamas, agus pé dúil a bhí aige i gceol ba bhreá leis comhrac. Cuireadh é i Mainistir Chamas Sgeanail.

Naisc eachtracha[athraigh | edit source]