Séamas II, Rí na nAlbanach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Séamas II, Rí na nAlbanach
Rí na nAlbanach
James II Portrait.jpg
Réimeas 21 Feabhra 1437 – 3 Lúnasa 1460
Dáta breithe 16 Deireadh Fómhair 1430
Áit bhreithe ..
Dáta báis 3 Lúnasa 1460
Áit bháis Caisleán Roxburgh, Albain
Réamhtheachtaí Séamas I, Rí na nAlbanach
Comharba Séamas III, Rí na nAlbanach
Rítheaghlach Stiúbhartach
Céile Maria van Gelre


B'é Séamas II Rí na nAlbanach (16 Deireadh Fómhair, 1430 - 3 Lúnasa, 1460) ó 1437 go dtí 1460. Mac Rí Shéamais I agus Joan Beaufort (iníon John Beaufort, 1ú Iarla Somerset agus Margaret Ollainn) ab ea é. Bhí leathchúpla níos sine aige, Alexander Stewart, Diúc Bhaile Bhòid (Béarla: Rothesay), a d'fhan beo fada go leor chun ridireacht a fháil, ach fuair sé bás agus é ina leanbh. Fuair Séamas an leasainm " Fiery face" mar gheall ar an bhall broinne flanndearg feiceálach ar a aghaidh. Mac leis ba ea an rí Séamas III.