Séamafór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cód is gaireas comharthaíochta i gcomhair cumarsáid amhairc. Ceanglaítear géag nó dhó le cuaille ingearach agus oibrítear go meicniúil iad, sin nó bíonn dhá bhratach i ngreim láimhe ag duine fad a rí uaidh. Gluaistear na géaga/bratacha i bplána ceartingearach go dtí sraith ionad. Freagraíonn gach ionad do litir san aibítir, uimhir nó marc poncaíochta. Bhíodh an córas in úsáid go forleathan i gcomhair teileaghrafaíocht amhairc, ar muir go háirithe, roimh theacht chun cinn an leictreachais.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Séamafór". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 588.