Sé Chondaeach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tuaisceart Éireann

Is éard is Sé Chondaeach ann ná duine a aithníonn é/í féin mar 'Sé Chondaeach', nó a cheapann go bhfuil sé/sí i dteideal náisiúntacht nó saoránacht Thuaisceart Éireann a bhaint amach. Bheadh téarmaí eile, mar shampla, "Éireannach Tuaisceartach" nó 'Tuaisceartóir' inghlactha freisin.

Sa Chomhaontú ar thángthas air sna caibidlí ilpháirtí tugtar an méid seo a leanas le fios;

"SAINCHEISTEANNA BUNREACHTÚLA
1. Tacaíonn na rannpháirtithe leis an tiomantas a thug Rialtais na Breataine agus na hÉireann go ndéanfaidh siad, i gComhaontú nua na Breataine - na hÉireann a chuirfear in ionad an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh: .....
(vi) aitheantas a thabhairt do cheart oidhreachta mhuintir uile Thuaisceart Éireann iad féin a aithint mar Éireannaigh nó mar Bhriotanaigh, nó mar Éireannaigh agus Briotanaigh araon, de réir mar a roghnaíonn siad, agus go nglacfar leo sa cháil sin, agus dá réir sin a dhaingniú go nglacann an dá Rialtas lena gceart chun saoránacht d'Éirinn agus den Bhreatain a shealbhú agus nach ndéanfaí difear don cheart sin le haon athrú amach anseo ar stádas Thuaisceart Éireann."

Is fiú a thabhairt faoi deara nach dtugtar aon aitheantas d'aon náisiúntacht nó saoránacht eile.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]