Sáibhre

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dhá speiceas ghaolmhara le gais chearnacha, duilleoga urchomhaireacha ina bpéirí, agus bláthanna déliopacha, scothchorcra nó bán, i rinsí a dhéanann spící scaoilte. Tá an sáibhre samhraidh dúchasach do réigiún na Meánmhara. Is planda adhmadach ilbhliantiúil, dúchasach do dheisceart na hEorpa, an sáibhre geimhridh. Fástar an dá cheann mar luibheanna cócaireachta.