Ságphailm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Crann beag le duilleoga móra clúmhacha, dúchasach d'oirdheisceart na hÁise is oileáin an Aigéin Chiúin. Cuimsíonn an stoc acmhainní móra stáirse chun roiseadh mór amháin bláthaithe a fhuinnmhiú sa chrann aibí. Ina dhiaidh sin faigheann an crann bás. Faightear ság, príomhfhoinse carbaihiodráití sna trópaicí, as smúsach na stoc a ghearrtar nuair a léirítear na chéad bhláthanna.