Sábháilteacht leictreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
garchabhair

Is gá duine a chosaint ar thurraing leictreach. Is é is mó is bun lena leithéid sa teaghlach ná fabht talmhaithe i dtrealamh nó uirlis leictreach. Féadfaidh sreang scaoilte, insliú ídithe, uisce steallta, fiú aer le bogthaise ard mórthimpeall an trealaimh a leithéid d'fhabht a chruthú.

Ansin rachaidh an sruth trí dhuine is isteach sa talamh. Féadfaidh sruth chomh beag le 0.1 A duine a mharú ach é a rith trína chroí, rud a bheadh ina chúis le taom marfach.

Chuige seo, baintear feidhm de ghnáth as fiús nó scoradán ciorcaid. Feidhmíonn an dá ghléas seo má tharlaíonn gearrchiorcad nó rólódáil i dtrealamh, rud a fhéadfaidh tús a chur le tine. Ní osclaíonn scoradán le stop a chur leis an sruth go sáraíonn an sruth 15 nó 20 A.

Tá gléas nua sábháilteacha á chur i bhfeidhm i Meiriceá, an t-idirscorthóir ciorcaid fabht talmhaithe (ICFT), ar féidir a insealbhú sa tsochóid nó an phlocóid. Tá dhá chnaipe air, tástáil is athchur, agus braitheann sé aon difríocht idir an sruth sa tsreang bheo is sa tsreang neodrach, an difríocht a bhíonn mar thurraing trí dhuine. Fiú má bhíonn an difríocht srutha sin chomh híseal le 0.005 A, scoireann an ICFT an ciorcad taobh istigh de 0.025 soicind le hathsheachadán. Nuair a bhíonn an fabht leasaithe, is féidir an gléas a chur sa siúl arís ach brú ar an gcnaipe athchuir is an t-athsheachadán a dhúnadh arís. Nuair a bhrúitear an cnaipe tástála, seoltar sruth trí fhriotóir sa ghléas chun éagothromaíocht idir an sruth beo is an sruth neodrach a chruthú is an t-athsheachadán a oscailt. Is tástáil é seo ar éifeacht an ghléis.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sábháilteacht leictreach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 571.