Ruth Benedict

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ruth Benedict

Antrapeolaí agus béaloideasóir Meiriceánach ab ea Ruth Fulton Benedict (5 Meitheamh 188717 Meán Fómhair 1948). Rugadh agus tógadh i gCathair Nua-Eabhrac agus fuair sí bás sa chathair chéanna. D'fhág babhta den bhruitíneach leathbhodhar í agus í ina tachrán. D'fhreastail sí ar Choláiste Barnard agus ar Ollscoil Columbia. Bhain sí dochtúireacht amach ag Columbia sa bhliain 1923. Rinne sí staidéar faoi Franz Boas. Cáil faoi leith ar dhá leabhar a scríobh sí, Patterns of culture (Patrúin chultúir, 1934) agus The chrysanthemum and the sword: patterns of Japanese Culture (An criosantamam agus an claíomh: patrúin chultúir Seapánaigh, 1946). D'fhás an leabhar seo as an obair a rinne sí do rialtas na Stát Aontaithe le linn an Dara Cogadh Domhanda. "Cianantraipeolaíocht" a thugtar ar an sórt taighde seo mar bhí uirthi an obair a bhunú ar fhoinsí mar ailt nuachtáin agus ar agallaimh a rinneadh i Meiriceá, seachas ar bhuntaighde déanta sa tSeapáin féin.