Runon ja rajan tie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is brí le Runon ja rajan tie ná "Bóthar na Filíochta is na Teorann". Is é an chéad bhealach turasóireachta a marcáladh ar aon dóigh ar leith san Fhionlainn. Cuid de Via Karelia é; is bealach mór turasóireachta í Via Karelia ina n-aontaítear Runon ja rajan tie le Karjalan kirkkotie nó Bealach Eaglasta na Cairéile, arb é bealach oilithreachta na nOrtadocsach é. Bunaíodh Runon ja rajan tie sa bhliain 1966, agus tá sé 1080 ciliméadar ar fad.

Tagairt do sheanfhilíocht tíre na Cairéile, an fhilíocht ba bhunús le Kalevala agus le Kanteletar is ea an "fhilíocht" in ainm an bhealaigh.

Ritheann an bealach tríd na ceantair is na cathracha seo leanas:

Comhartha bóthair chois Via Karelia. Tabhair faoi deara suaitheantas Bhóthar na Filíochta is na Teorann - RR.