Ruairí Ó Conchúir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRuairí Ó Conchúir

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Rory O'Connor
Beathaisnéis
Breith28 Samhain 1883
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Nollaig 1922
39 bliana d'aois
Príosún Mhuinseo Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis (Tráma balaistíoch)
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Gairm mhíleata
GéillsinePoblacht na hÉireann

Ba gníomhaire poblachtach Éireannach é Ruairí Ó Conchúir (1883 - 8 Nollaig 1922). Cuimhnítear air mar gheall ar an bpáirt a bhí aige i gCogadh Cathartha na hÉireann.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Ó Conchúir i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1883. Chaith sé tamall ag obair i gCeanada mar innealtóir iarnróid nuair a bhí sé óg.

Tar éis dó filleadh go hÉirinn, bhí sé bainteach le polaitíocht náisiúnach na hÉireann. Ba bhall é den Ancient Order of Hibernians. Imtheorannaíodh é tar éis Éirí Amach na Cásca, 1916.

Cogadh na Saoirse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceapadh mar Stiúrthóir Innealtóireachta Óglaigh na hÉireann (an tIRA) i rith Cogadh na Saoirse, 1919 - 1921.

An Cogadh Cathartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor ghlac Ó Conchúir leis an gConradh Angla-Éireannach a chuir Saorstát Éireann ar bun ach a chuir deireadh leis an bPoblacht Éireannach a d'fhógair Pádraig Mac Piarais sa bhliain 1916. Bhí sé mionnaithe ag Ó Conchúir agus a chomhglacaithe go mbeadh siad dílis don Phoblacht. Eagraíodh coinbhinsiún d'oifigigh an IRA a bhí in éadan an Chonartha ar 22 Márta, 1922 i mBaile Átha Cliath. Dhiúltaigh siad an Chonradh agus dhiúltaigh siad do cheannas an Dála. Nuair a chuir iriseoir ceist ar Ó Conchúir an raibh siad ag iarraidh deachtóireacht mhíleata a chur ar bun in Éirinn, níor shéan sé gurb é sin a bhí i gceist acu.

In Aibreán 1922, bhí Ó Conchúir i gceannas ar shlua 200 ball den IRA a d'fhorghabh na Ceithre Cúirteanna i lár Bhaile Átha Cliath. Bhí siad ag súil go spreagfadh an fhorghabháil coimhlint nua leis na saighdiúirí Briotanacha a bhí fós sa tír, agus go n-athaontófaí an tIRA sa chogaíocht. Rinne Mícheál Ó Coileáin iarracht áitiú ar Ó Conchúir na Ceithre Cúirteanna a fhágáil sula thosnódh coimhlint mhíleata idir an dá thaobh den IRA.

I mí Meitheamh 1922, tar éis don gharastún sa Cheithre Cúirteanna an ginearál J.J. Ó Conaill ó arm nua an Saorstáit a fhuadach, d'ionsaigh fórsaí an Saorstáit. Bhain siad úsáid as airtléire a fuair siad ar iasacht ón mBreatain. Ghéill Ó Conchúir tar éis dhá lá. Gabhadh é agus cuireadh i bPríosún Mhuinseo é. Spreag an eachtra seo an Cogadh Cathartha. Thosaigh grúpaí i bhfabhar an Chonartha agus grúpaí in éadan an Chonartha ag troid lena chéile timpeall na tíre.

Curtha chun báis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh Ó Conchúir chun báis ar an 8 Nollaig 1922. Mharaigh scuad lámhaigh Ó Conchúir agus triúr Poblachtaigh eile (Liam Ó Maoilíosa, Seosamh Mac Calbhaigh agus Risteard Bairéid). Cuireadh chun báis iad chun díoltais a bhaint amach tar éis maraithe Theachta Dála an Saorstáit, Seán Hales. Ba é Caoimhín Ó hUiginn a d'ordaigh na básanna. Níos lú ná bliain roimhe sin, bhí Ó Conchúir mar fhinné fir ag bainis an Uigingigh, rud a léiríonn an searbhas a spreag an Cogadh Cathartha.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]