Ruaimniú Gram

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Próiseas tábhachtach ruaimnithe a úsáidtear chun baictéir ar mhias Petri a ionannú. Ruaimnítear na baictéir le líocha bunata, cosúil le vialait chriostalta, agus ansin nochtar iad do thuaslagóir orgánach. Cailleann cuid de na baictéir (baictéir ghramdhiúltacha) a ndath go héasca leis an nochtadh don tuaslagóir orgánach, ach coinníonn cuid eile (baictéir ghramdheimhneacha) é. Ainmníodh an próiseas as an mbaictéareolaí Danmhargach Hans Christian Joachim Gram (1853-1938).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ruaimniú Gram". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 329.