Rostov
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Rostov Росто́в |
|
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Cúige: | Yaroslavl |
| Méara: | Yury Boyko |
| Déimeagrafaic | |
| Daonra: | 32,318 |
| Airde: | 100m |
| www.admrostov.ru | |
Cathair ársa stairiúil sa Rúis é Rostov Velikiy nó Rostov Yaroslavskiy (Rúisis: Росто́в) agus í suite 202 chiliméadar soir ó thuaidh ó Mhoscó. Tá timpeall ar 35,000 duine ina gcónaí ansin. Cé go dtugtar "Rostov Mór" (Velikiy) ar an gcathair, tá sí i bhfad níos lú ná Rostov na Donu i ndeisceart na Rúise, a fuair a ainm ó Rostov Velikiy.
Ceann de chathracha stairiúla an Fháinne Órga taobh thoir de Mhoscó é Rostov Velikiy, agus cuid súl iad na seanfhoirgnimh san áit: Ard-Eaglais na Deastógála agus na mainistreacha sa chathair agus ina timpeallacht.