Ross O'Carroll-Kelly
Jock rugbaí Bleácliathach a tháinig ó pheann an iriseora Éirinnigh Paul Howard is ea an carachtar ficseanúil Ross O'Carroll-Kelly. Scigaithris ar imreoirí rugbaí saibhre as Baile Átha Cliath Theas atá ina ainm is a bheith ardnósach agus a fhreastalaíonn ar scoileanna príobháideacha atá in O’Carroll-Kelly agus a chuid cairde. Duine leithleach a bhfuil cónaí ar i gCarraig an tSionnaigh agus nach bhfuil mórán measa aige ar an gcosmhuintir is ea é, agus is iad an rugbaí agus cailíní na clocha is mó ar a phaidrín. Agus é ar scoil in Castlerock (tagairt shoiléir do Coláiste na Carraige Duibhe, .i. Blackrock College - scoil mhór rugbaí i mBaile Átha Cliath Theas) ba mhó an spéis agus talann a bhí ann chun rugbaí ná chun léinn. Cuirtear síos air mar dhuine a bhfuil an-tóir ag na cailíní air ach nach bhfuil in ann a bheith ceanúil ar éinne seachas air féin.
Is i bhfoirm dhialainne sa chéad phearsa a chuirtear síos ar eachtraí Uí Cheallaigh (tá Paul Howard in ainm is a bheith an té a chuir na heachtraí sin ar phár). Céadfhoilsíodh na sleachta dialainne ina gcuirtear síos ar a shaol ón aois a 17 mbliana ar aghaidh ar an Sunday Tribune in Eanáir na bliana 1998 agus anois foilsítear uair sa tseachtain iad ar an Irish Times. Foilsíodh ocht gcinn d’úrscéil agus dornán leabhar eile bunaithe ar na hailt sin. Is minic na leabhair sa tsraith seo ar liosta na leabhar is mó éilimh in Éirinn.
Na Leabhair [athraigh]
| Cineál | Teideal | Tagairt sa teideal | Foilsitheoir | Achoimre |
|---|---|---|---|---|
| Úrscéal 1 | The Miseducation of Ross O'Carroll-Kelly (The Miseducation Years san eagrán is déanaí) |
The Miseducation of Lauryn Hill | The O'Brien Press | An dá bhliain dheireanacha ar scoil do Ross agus bua na craoibhe i gComórtas Rugbaí na Scoileanna, Laighean |
| Úrscéal 2 | Roysh Here, Roysh Now... The Teenage Dirtbag Years (The Teenage Dirtbag Years san eagrán is déanaí) |
"Teenage Dirtbag", singil leis an ngrúpa ceoil 'Wheatus'. | The O'Brien Press | An chéad bhliain ar an ollscoil do Ross agus a laethanta saoire sna Snáit Aontaithe |
| Úrscéal 3 | The Orange Mocha-Chip Frappuccino Years | Adrian Mole: The Cappuccino Years | The O'Brien Press, Márta 2003 | Tá ar Ross a bheatha a shaothrú mar ghníomhaire réadmhaoine |
| Úrscéal 4 | PS, I Scored The Bridesmaids | PS, I Love You | The O'Brien Press, Aibreán 2005 | Póstar Ross agus Sorcha |
| CD | The Twelve Days of Christmas | "The Twelve Days of Christmas" | Magpie Productions Ltd., Samhain 2005 | Albam grinn faoin Nollaig |
| Úrscéal 5 | The Curious Incident of the Dog in the Nightdress | The Curious Incident of the Dog in the Night-time | Penguin Books, Meitheamh 2006 | Faigheann Ross amach gur athair é |
| Úrscéal 6 | Should Have Got Off at Sydney Parade | Tagairt do thuirlingt den DART ag an stáisiúin atá díreach roimh Dhumhach Thrá (an áit ina bhfuil cónaí ar Ross). Is tagairt é seo docoitus interruptus. | Penguin Books, Bealtaine 2007 | Éiríonn Sorcha torrach |
| Dráma | The Last Days of the Celtic Tiger | Tagraíonn an "Celtic Tiger" (.i. an Tíogair Ceilteach) don bhorradh a tháinig faoi gheilleagar Phoblacht na hÉireann le linn na tréimhse, isteach nó amach, 1992 go 2006 | Léiríodh den chéad uair in Amharclann Olympia, Samhain 2007 | Tá scéal an dráma cosúil le This Champagne Mojito Is The Last Thing I Own |
| Treoirleabhar taistil | Ross O'Carroll-Kelly's Guide to (South) Dublin: How To Get By On, Like, €10,000 A Day | Teideal atá coitianta i leabhair taistil, leithéid "Conas maireachtáil ar [méid airgid] in aghaidh an lae" | Penguin Books, Meitheamh 2008 | Treoirleabhar bréagach taistil maidir le "SoCoDu" ('South County Dublin', .i. Co. Átha Cliath Theas) |
| Úrscéal 7 | This Champagne Mojito Is The Last Thing I Own | Abairt ón leabhar. | Penguin Books, Meitheamh 2008 | Cuirtear athair Ross i bpriosún agus gabhtar a chuid sócmhainní. |
| Úrscéal 8 | Mr S and the Secrets of Andorra's Box | Imeartas focal maidir le Pandora's Box | Penguin Books, Deireadh Fómhair 2008 | Ceaptar Ross ina bhainisteoir ar fhoireann náisiúnta rugbaí Andóra. |
| Cnuasach | Ross O'Carroll-Kelly and the Temple of Academe | Indiana Jones and the Temple of Doom | Penguin Books, Feabhra 2009 | The Miseducation Years agus The Teenage Dirtbag Years sa chnuasach seo. |
| Cnuasach agallamh | We Need To Talk About Ross: A True History of the O'Carroll-Kelly Gang | We Need To Talk About Kevin agus True History of the Kelly Gang | Penguin Books, Meitheamh 2009 | Cnuasach agallamh bréagach ina dtráchtann caractair na sraithe leabhar ar Ross. |