Ross O'Carroll

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Imreoir iománaíochta le Baile Átha Cliath agus Cill Mochuda na Crócaigh is ea Ross O'Carroll. D'imir sé do fhoireann shinsir Bhaile Átha Cliath den chéad uair i gComórtas Laighin 2007 i gcoinne Loch Gorman agus scóráil sé 1-01. Bhí sé ar an bpainéal nuair a bhuaigh foireann Bhaile Átha Cliath Craobh Peile na hÉireann sa bhliain 2011. Is deartháir é leis an bpeileadóir Rory O'Carroll.

Bhuaigh sé Craobh Laighin le foireann mhionúir Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2005. Bhuaigh sé Craobh Laighin le foireann faoi 21 Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2007. Bhuaigh sé an Corn Dr. Croke, Craobh Éireann na scoileanna le Coláistí Átha Cliath.