Rollóirí i líne
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is bróga iad rollóirí i líne ar a bhfuil ceithre roth i líne fúthu de ghnáth. Caitear iad nuair a theastaíonn ó dhuine scátáil. Bíonn ceap orthu freisin a fheidhmíonn mar choscán ionas gur féidir leis an té atá ag scátáil stad nó moilliú. Glaoitear "Rollerblades" orthu freisin ach is ainm chuideachta é sin.