Rolf Zinkernagel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rolf Zinkernagel, 2011

Imdhíoneolaí a rugadh ar 6 Eanáir 1944 i mBasel na hEilvéise is ea Rolf Martin Zinkernagel . Fuair sé amach sa bhliain 1974 conas a aithníonn an córas imdhíonach cealla atá ionfhabhtaithe le víreas. Roinn sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine lena chomhghleacaí Peter Charles Doherty i 1996 as.